Is léir go bhfuil an Rialtas seo ar aon tuairim le heasaontóirí an tSeanaid maidir le líomhaintí i leith na baothchainte agus na bolscaireachta a bhíonn ar siúl ann agus gheall siad i gClár an Rialtais go mbeadh athchóiriú iomlán agus go reáchtálfar reifreann ar an gceist ar bonn práinne.
Is dócha go bhfuil clocha níos mó ar phaidrín na triúrachta faoi láthair agus tá dearmad glan déanta ag an gcomhrialtas ar gheallúint a ndearna siad sé mhí ó shin. Ar aon nós shoiléirigh an díospóireacht a reáchtáladh sa Seanad Dé Céadaoin na laigí atá sa chóras faoi láthair.
Ba é an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh a mhol an díospóireacht agus dar leis ba mhór an dul chun cinn a baineadh amach ó reáchtáladh an díospóireacht deireanach sa Seanad.
Deir sé go bhfuil cuid mhaith de pholaiteoirí i dTeach Laighean aineolach ar cheisteanna atá ag cur as do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta agus tá i gceist aige cur leis na díospóireachtaí amach anseo le go mbeadh níos mó Gaeilge le cloisteáil.
Ach ba léir nár chualathas i Seanad Éireann go mbíonn blas ar an mbeagán. Labhair triúr sheanadóir déag ar gach ábhar éagsúil faoin spéir a bhain leis an nGaeilge ó Údarás na Gaeltachta go ciorruithe sna scoileanna Gaeltachta go bunú scoileanna nua go nósmhaireacht teanga agus teagasc na teanga sna scoileanna.
Liosta le háireamh a bhí ann agus bhí ionadh ar an bpobal sa ghailearaí nár luadh sárobair na gcailíní breátha atá fostaithe ag TG4 mar a dhéantar go minic nuair a bhíonn ceisteanna a bhaineann leis an nGaeilge á bplé i dTithe an Oireachtais.
Agus ceisteanna tromchúiseacha mar seo á bplé, is trua nár tugadh aird ar na ceisteanna seo mar saincheisteanna in áit iad a rangú lena chéile ar an ábhar go mbaineann siad leis an nGaeilge amháin nó leis an bpobal beag a bhíonn ag labhairt na Gaeilge gach aon lá.
Léirigh an díospóireacht fhada ar gach uile ábhar a bhain leis an nGaeilge an locht is mó atá ag an gcóras agus is é sin go bhfuil gníomhartha níos téagartha ná ‘ráitis’ á lorg ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta anois agus an tua á leagadh ar sheirbhísí éagsúla i ngach aon cuid den státchóras.
Buaicphointí
Díospóireacht bhríomhar go leor ab ea í agus rinne tromlach na Seanadóirí a bhí i láthair iarracht labhairt i nGaeilge. Ar uairibh, bhí an chuma ar an scéal go raibh na Seanadóirí ar bheagán Gaeilge, Jillian van Turnhold nó Pascal Mooney níos eolgaisí ar na ceisteanna ba práinní ná roinnt de na Seanadóirí a labhair i nGaeilge agus rinneadar sár-iarracht an tAire Stáit Dinny McGinley TD a cheistiú ar cheisteanna atá ag cur oilc ar phobail na Gaeilge ina measc ciorruithe sna scoileanna Gaeltachta , an t-athbhreithniú ar an Acht Teanga agus athchóiriú na n-eagras deonach.
Bhí briatharchath spéisiúil idir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh agus an Seanadóir Jim Darcy ar chaighdeán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta. Agus gan amhras chuir tuairimí an Seanadóra D’Arcy cantal ar roinnt de na Seanadóirí a bhí i láthair, Ó Clochartaigh ina measc.
Día d’ár Sábháil
“A dhath ar bith, d’fhéadfadh múinteoirí i scoileanna Gaeltachta an Ghaeilge a theagasc beagáinín níos fearr agus níos mó Gaeilge a úsáid ins na scoileanna” a dúirt sé. “Sin masla ar mhúinteoirí na Gaeltachta”, a dúirt Ó Clochartaigh. “Bhuel, Dia ár sábháil”, a d’fhreagair an Seanadóir D’Arcy.
Chomh maith leis sin cheistigh an Seanadóir D’Arcy fiúntas na conspóide maidir le cónascadh Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman, ”Cad a dhéanann an Coimisinéir Teanga nach bhféadfadh Oifig an Ombudsman a dhéanamh?”, a dúirt sé.
Comhchoiste Oireachtais
Ar cheist athstruchtúrú na neagras Gaeilge agus an samhail nua mhaoinithe atá molta ag Foras na Gaeilge, bhí moladh fiúntach déanta ag an Seanadóir Labhrás Ó Murchú go reáchtálfar cruinniú de chuid an chomhchoiste Oireachtais leis an gceist a phlé go mion.
Dúirt an tAire Stáit nach raibh fáth ar bith nach dtiocfadh na heagrais isteach agus nach dtabharfar ardán dóibh lena gcuid tuairimí a chur chun tosaigh.
“Nílimid ag iarraidh go mbeadh aon duine ina thost. Táimid ag iarraidh cead cainte a thabhairt do gach duine agus aon tuairimí atá acu a fháil. Bheadh an-tairbhe ag baint leis na comhchoistí mhionlaigh agus na heagraíochtaí ag teacht isteach agus ag cur a gcuid tuairimí i láthair.”
Labhair an Seanadóir Pascal Mooney faoin samhail nua mhaoinithe chomh maith agus d’ionsaigh sé an Aire Stáit go fíochmhar ar bhunús na samhla agus na húdaráis a rinne an cinneadh
"An insult to intelligence"
“ I suggest to the Minister of State that this proposed consultation is only a sideshow, that the decision has been taken and that the proposal emanated from the board of Foras na Gaeilge itself. ...This controversy could well have been avoided. What will be the ultimate consequence of the consultation process? To suggest it is a consultation process, when the decision has already been taken to withdraw the funding anyway from the existing organisations, is an insult to the intelligence of the people involved.” a dúirt sé.
Ach chosain an tAire Stáit an samhail nua mhaoinithe agus cinneadh na Comhaireachta Thuaidh Theas athbhreithniú a chur ar bun.
“We are conscious, both North and South, of the excellent work that has been carried out by the voluntary organisations down through the years. It is not my wish, nor do I know of anyone there whose wish it i to terminate the excellent work being done by these organisations. That is the reason that at a meeting of the joint council towards the end of last year, we asked Foras na Gaeilge to carry out another review. It has three months to do that. I do not blame Foras na Gaeilge for this”, a dúirt an tAire Stáit.
Cairde sa chúirt
Chosain an tAire Stáit beartais an rialtais agus an t-achrann a bhaineann leis na ciorruithe go léir. Dúirt sé go raibh sé ag déanamh gach dícheall na hachmhainní a choinneáil sna rannóga is éifeachtaí a chuirfeadh an teanga chun cinn. “Aon rud atáimid ag déanamh sa Ghaeltacht, caithfidh sé a bheith teanga lárnaithe. Má fhaigheann an teanga bás ins an Ghaeltacht, cé go bhfuil na gaelscoileanna ag déanamh an-obair agus cé go mbeidh an Ghaeilge mar chuid den tír i gcónaí, beidh an lúb sin ar an slabhra briste”.
I ndeireadh na dála tá cairde sa chúirt aige a thabharfaidh éisteacht dó, dar leis. “Bhí an Seanadóir Ó Clochartaigh ag gearáin nach raibh mé ag bord an Rialtais. B’fhéidir nach bhfuil mé ag bord an Rialtais ach tá cairde maithe agam ann. Tá an Teachta Deenihan ann agus caithfidh mé aitheantas a thabhairt dó-san gur éirigh linn an t-airgead sin a fháil.”
©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Eanáir 2012.
↧