Anois agus tús curtha le bliain úr táimid ag druidim i dtreo an Earraigh, tráth a mbeidh Turas na bhFilí Albanacha 2012 á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Tá an comórtas anois oscailte le haghaidh iarratais agus is é 16 Márta an spriocdháta d’iontrálacha. Féadfar íoslódáil a dhéanamh ar fhoirm iarratais anseo, ar leagan PDF nó ar leagan Word.
Is comórtas dátheangach é seo, áit ar féidir le hiarratasóirí dánta scríofa i nGaeilge na hÉireann nó Gàidhlig na hAlban a sheoladh isteach ach aistriúchán Béarla a chur ar fáil chomh maith. Ceadaítear suas go trí dhán san aon iontráil amháin. Ní mór rialacha an chomórtais a bheith léite go roimh ré chomh maith.
Téama oscailte atá i gceist i mbliana agus ní bheidh costas de dhíth ar iontrálacha.
Roghnófar gearrliosta d’ochtar, as a mbeidh buaiteoir amháin ainmnithe ag oíche mhór filíochta agus ceoil ar 12 Aibreán in ionad Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Bronnfar duais €500 ar bhuaiteoir an chomórtais.
Le haghaidh tuilleadh eolais is féidir dul i dteagmháil le Sibéal Davitt ag sdavitt@comhdhail.ie nó glaoch ar 01-6794780.
© Foilsithe ar Gaelport.com 24 Eanáir 2012.
↧