Lean Rith 2010 ar aghaidh ar feadh 9 lá, ag rith ó mhaidin go hoíche i ngach Cúige den tír.
Is ar son na Gaeilge a ghlac 15 Chontae, 250 baile agus na mílte duine páirt i Rith 2010, agus toisc gur éirigh chomh maith leis an chéad uair, deir na heagraithe gur ócáid dhébhliantúil a bheidh inti as seo amach.
Dar le Cóilín Ó Cearbhaill, Bainisteoir Imeachta Rith 2012 'Is iontach an bealach go dtugann Rith 2012 coistí deonacha atá ag cur na Gaeilge chun cinn ina bpobal féin ar fud an Oileán le chéile i bhFéile mhór amháin. Cé gur féile mhór náisiúnta é Rith tá sé déanta suas den iliomad féilte agus imeachtaí beaga atá ar siúil i ngach ceantar nuair atá an Rith ag dul tríd.’
Leanfaidh an turas ar aghaidh trí chúige Uladh ag tabhairt cuairte ar Leitir Ceanainn, Doire, Béal Feirste, Ard Mhacha, Muineacháin agus síos chomh fada le Baile Shláine, Rath Tó agus ansin Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí.
As sin beidh daoine ag dul chun bóthair sa Phríomhchathair agus ar aghaidh chomh fada le Cill Dara, Ceatharlach, Laois, Tiobraid Árann, Luimneach agus Inis.
Tosóidh an tsraith dheireanach de Rith 2012 i mBaile Locha Riach agus leanfaidh sé trí Chathair na Gaillimhe agus Conamara sula mbainfear ceann scríbe an reatha amach ar Inis Mór in Árann, áit a gcuirfear críoch spleodrach leis na himeachtaí ar Lá Fhéile Pádraig, 17 Márta 2012. Tá tuilleadh eolais maidir le Rith 2012 ar fáil ar www.rith.ie.
©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Eanáir 2012.
↧