Maireann imeachtaí Scoil Cheoil an Earraigh thar tréimhse cúig lá agus díríonn an scoil Cheoil go háirithe ar cheol, amhráin agus stíl Chorca Dhuibhne.
Beidh go leor ranganna agus seisiún ceoil ar siúl le linn fhéile na bliana seo agus beidh neart ceoltóirí áitiúla in measc an aonaigh freisin.
I measc na himeachtaí freisin beidh ranganna amhránaíochta, scéalaíochta, Ciorcal Comhrá, siúlóidí, seisiún ceoil mar aon le ranganna damhsa agus uirlisí éagsúla i rith an lae.
Ar an 16 Feabhra seolfar dlúthdhiosca Thigh Bhric, An Riasc, Baile an Fheirtéaraigh ag 3 a’ chlog agus beidh na ceoltóirí agus amhránaithe aitheanta Caoimhín Ó Raghallaigh, Cormac Ó Beaglaoich & Jack Talty, Saileog Ní Cheannabháin i láthair.
Níos déanaí sa tráthnóna beidh oíche mhór siamsaíochta in Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin. Saol agus ceol Moss Martin, boscadóir ó Chorca Dhuibhne, a bhfuil a ainm le cuid de na poirt a bhíonn á múineadh i rith na Scoile Ceoil. Curtha i láthair ag Helen Ní Shé, RTE Raidió na Gaeltachta.
Ar an 17 Feabhra beidh ceolchoirm mhór Oíche Éire ‘s Alba in Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin. Beidh neart ceoil agus amhránaíochta ann as Éirinn agus Albain le Maggie MacInnes, Máire Ní Chéilleachair, Alan Hendersen, Ailean Domhnallach, Seosaimhín Ní Bheaglaoich agus go leor eile.
Beidh ranganna á reáchtáil ar an sean-nós agus arís i mbliana beidh an damhsóir clúiteach Róisín Ní Mhainín as Ros Muc i gConamrara i láthair.
I measc na gceoltóirí a beidh ag seinm le linn na Scoile Ceoil beidh Mairéad Ní Mhaonaigh, Johnny Connolly, Tomás Mac Eoin, Máirtín Tom Sheáinín, Peadar, Méabh, Eoin & Saileog Ní Cheannabháin agus go leor eile. Ag 8pm tráthnóna Shathairn, 18 Feabhra beidh ceolchoirm mhór i Halla na Feothanaí.
Beidh na ceoltóirí Liam & Mick O’Connor, Peadar, Méabh, Eoin & Saileog Ní Cheannabháin, Johnny Connolly, Róisín Ní Mhainín, & aíonna speisialta eile ag dul chun stáitse.
Ar an Domhnach 19 beidh Aifreann traidisiúnta na Scoile Ceoil á cheiliúradh i Séipéal Naomh Uinseann, Baile an Fheirtéaraigh áit a mbeidh Peadar Ó Riada & Cór Chúil Aodha. Tá liosta de na himeachtaí ar fáil ar: www.scoilcheoil.com.
©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Eanáir 2012.
↧