Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Conallach anois ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge

$
0
0

D'oibrigh Mícheál mar mhúinteoir bunscoile i mBunscoil Chill Charthaigh idir 1961 agus 1993. Agus é ag obair mar mhúinteoir, bhí baint ollmhór ag Mícheál le gníomhaíochtaí an CLG go háitiúil agus sa chontae. Idir 1977 agus 1979 bhí sé ina Chathaoirleach ar Chomórtas Peile na Gaeltachta agus bhí sé ina Chathaoirleach ar CLG Dhún na nGall idir 1980 agus 1987. Bhí sé mar bhall freisin de choiste náisiúnta Oireachtas na Gaeilge idir 1990 agus 2002.   "Tá ríméad orainn gur ghlac Mícheál lenár gcuireadh le bheith ina Uachtarán do 2012,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. “Ní hamháin gur cainteoir Gaeilge ó dhúchas é ach is ceannaire pobail den scoth é freisin. Tá sé fóirsteanach gur as Dún na nGall dó agus tá lúcháir orainn go bhfuilimid ag filleadh ar Leitir Ceanainn d'Oireachtas na Samhna i mí na Samhna agus an chaoi ar éirigh thar barr leis sna blianta 2004 agus in 2009” a dúirt sé.   Mícheál Mac Giolla Easbuic agus Úna Uí Lachtnáin i gceannáras Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. ©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Eanáir 2012

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>