Gealladh i gclár an Rialtais reatha go ndéanfar athbhreithniú ar an Acht Teanga chun a chinntiú go mbainfear an leas is fear as caiteachas chun an teanga a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhforchuirtear dualgais go cuí de réir éilimh o shaoránaigh.
Is iad aidhmeanna an athbhreithnithe a chinntiú gur meicníocht éifeachtach é an tAcht a thacaíonn le forbairt na Gaeilge ar bhealach atá éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais de agus go bhfuil na dualgais a eascraíonn ón Acht cuí chun soláthar sásúil seirbhísí trí Ghaeilge ag comhlachtaí poiblí a chinntiú, de réir an éilimh atá orthu ón bpobal.
Is féidir leis an bpobal a dtuairim a nochtadh trí suirbhé a líonadh nó aighneacht a sheoladh go leictreonach ar shuíomh na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Chun cabhrú leat an tsuirbhé agus/nó an aighneacht a líonadh tá cur síos le fáil thíos.
Suirbhé
Tá 20 cheist ann faoi na hábhair a leanas;
A. Teagmháil an duine leis na comhlachtaí poiblí,
i. Cé hiad na comhlachtaí poibli is mó a dhéanann tú teagmháil leo rl.
B. Foilseacháin na gComhlachtaí Poiblí;
i. An mbaineann tú úsáid as foilseacháin dátheangach rl.
C. Cumarsáid leis an gcomhlahct poiblí
i. Leibhéal seirbhíse ón gcomhlacht poiblí
D. Seirbhísí Leictreonacha
i. Na seirbhisí leictreonacha a úsaideann tú trí Ghaeilge
E. An Ghaeltacht,
F. Tábhachta an Ghaeilge sa tsochaí,
G. Oifig an Choimisinéara Teanga,
H. Tuairimí Ginearálta
Ní thógaidh sé ach idir 10-15 nóimead chun an tsuirbhé a líonadh agus is féidir é a fháil ag an nasc seo
Aighneacht
Is féidir aighneacht a líonad ar shuíomh na Roinne chomh maith, tá deis ag an bpobal a dtuairim a chur in iúl i dtaobh na dualgais atá air na comhlachtai poiblí;
i. cumarsáid a fhreagairt san teanga ina bhfuarthas í,
ii. Doicimeid áirithe a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla (ie. Tuarascálacha bliantúla, ráitis straitéise rl)
iii. Cloí leis an Rialacháin maidir le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla ar chomharhtaí, stáiseanóireacht rl.
Tugann an aighneacht deis don phobal a meon i leith scéimeanna teanga na gcomhlachtaí poiblí a léiriú. Tá na scéimeanna teagna mar chroílár an Achta Teanga. Leagtar amach sna scéimeanna teanga an bealach a bhforbraíonn comhlactaí poiblí a gcuid seirbhísí trí Ghaeilge thar tréimhse ama.
Ceistítear na seirbhísí ó chomhlachtaí poiblí sa Ghaeltacht chomh maith le húsáid na Gaeilge san Oireachtas, sna cúirteanna agus i gcóras logainmneacha an Stáit. Tugatar deis don phobal chomh maith a dtuairim a léiriú maidir leis na gComhlcataí Poiblí atá faoi scáth an Achta chomh maith le ról an Choimisinéara Teanga.
Is féidir an aighneacht a líonadh thar an idirlíon ag an nasc seo
Ná déan dearmaid gurbh é 31 Eanáir an spriocdháta chun suirbhé a líonadh nó aighneachtaí a sheoladh.
Tá físeán, 'Cosain do chearta teanga' léirithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a dhéanann cur síos ar an athbhreithníu anseo. Bí páirteach sa phróiseas!
©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Eanáir 2012.
↧