Tá sé tráthúil go bhfuil cloch mhíle na hIrise á ceiliúradh le linn na scoile, dar le Máire Ní Neachtain, atá ina stiúrthóir ar an scoil i gcomhpháirt le Deirdre Nic Mhathúna. “Bhí baint nach beag ag an chéad ghlúin d’eagarthóirí agus scríbhneoirí Comhar, le bunú Cuman Mherriman i 1967” a deir sí.
Alan Titley Ollamh Emeritus le Gaeilge, Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus Darach Ó Scolaí a thabharfaidh mórléachtaí na scoile ar ghnéithe de scríbhneoireacht, de litríocht agus d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge.
Iarrfar ar an Ollamh Titley dualgas eile a chomhlíonadh, is é sin dhá leabhar nua atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht a sheoladh go hoifigiúil i rith na scoile chomh maith ar an Satharn, 28 Eanáir in Óstán Westport ag 12.30 i.n.
Tugann An tSlat Féithleoige: Ealaíona an Dúchais 1800-2000 le Stiofán Ó Cadhla léargas ar stair, feidhmeanna, agus ról leanúnach na n-ealaíon dúchais in Éirinn san aonú haois is fiche.
Chomh maith leis sin, seolfar Párliment na bhfíodóirí atá curtha in eagar ag Seán Ó Duinnshléibhe, léachtóir i Scoil Léann na Gaeilge, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Is spéis leis an Duinnshléibheach scríbhinní próis na hochtú agus na naoú haoise déag, go sonrach scríbhinní próis Dháibhí de Barra. Is é Párliment na bhFíodóirí, eagrán criticiúil d’aoir a chum an Barrachan.
An iriseoireacht agus léirmheastóireacht a foilsíodh san iris i gcaitheamh na mblianta a bheidh idir chamáin ag Meadhbh Ní Eadhra, Eilís Ní Dhúill agus Fionntán de Brún maidin Dé Sathairn, nuair a reáchtálfar an siompósiam 'Fís na bhFocal'.
Seolfar móreagrán comórtha den iris ar an Satharn mar a léifidh scríbhneoirí óga cuid dá saothar ag an seisiún seo. Maidin Domhnaigh beidh sleachta as Comhar thar na blianta á léamh ag Gréagóir Ó Dúill, Doireann Ní Bhriain agus Liam Ó Dochartaigh.
©Foilsithe ar Gaelport.com 23 Eanáir 2012.
↧