I measc na gcainteoirí a bhí i láthair, labhair Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, agus dúirt go gceadaíonn leasú a rinneadh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla sa bhliain 2011 go ndéanfaí aon Acht den Oireachtas a fhoilsiú ar an idirlíon in “aon teanga oifigiúil amháin sula ndéanfar é a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla”.
Rinneadh an leasú seo ar an Acht, gan aon chomhairliúchán poiblí, agus sular fógraíodh an t-athbhreithniú reatha ar an Acht.
Dar le Seán Ó Cuirreáin: "Tá ag teipeadh go hiomlán ar an Stát polasaí earcaíochta agus córas traenála ceart a chur i bhfeidhm a chinnteodh go mbeadh líon dóthanach foirne ar fáil le seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil go sásúil. Ní féidir leis an Stát a bheith ag súil leis go mairfidh an Ghaeilge mar a rogha teanga ag an bpobal sa Ghaeltacht má leantar ag brú Béarla ar phobal na gceantar sin lena gcuid gnóthaí oifigiúla a dhéanamh. Ní raibh staid na teanga mar theanga phobail chomh leochaileach riamh agus atá anois sa Ghaeltacht, agus ní thugann an córas mar atá sé i láthair na huaire deis do mhuintir na Gaeltachta a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge."
Thacaigh Éamonn Mac Niallais, Guth na Gaeltachta le seasamh an Choimisinéara i dtaobh pholasaí earcaíochta an Stáit a thabharfadh aitheantas breise d’iarrthóirí le Gaeilge, agus dúirt go mbeadh an-tairbhe ag polasaí dá leithéid don Ghaeilge agus nach mbeadh aon chostas ag baint leis. Dúirt Mac Niallais freisin, gur gá muintir na Gaeltachta, agus pobal labhartha na teanga timpeall na tíre a chur ar an eolas faoina gcearta teanga, agus iad a ghríosú chun na cearta sin a éileamh.
Ag tagairt dó go sonrach do chomharthaí bóthair, mhol Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur gá go mbeadh an cló céanna in úsáid sa dá theanga oifigiúla, agus mhol sé cló 'Turas'. Thug sé moltaí chun cinn freisin maidir le dathanna na gcomharthaí, agus conas barr feabhais a chur ar chruth na bhfocal. Dá gcuirfí moltaí Julian i bhfeidhm is mar seo thíos a bhreathnódh comharthaí bóthair dátheangacha ar mhótarbhealaí na tíre amach anseo.
I dtreo dheireadh an tsiompóisiam reáchtáladh fóram plé oscailte, faoi Chathaoirleacht Eimear Ní Chonaola, Nuacht TG4. I measc na moltaí eile a cuireadh chun cinn maidir le leasú na reachtaíochta in Acht na dTeangacha Oifigiúla, moladh:
- go gcuirfí dualgais reachtúla ar chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile.
- An t-ualach riaracháin agus maorlathais a bhaineann le feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla a laghdú trí chuíchóiriú agus sruthlíniú, agus gur chóir córas traenála ceart a chur ar fáil do sholáthraithe seirbhísí Stáit.
- go gcosnófaí neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga, agus nach gcónascfaí é le hOifig an Ombudsman.
- go n-aithneofaí nár oibrigh córas na scéimeanna teanga go dtí seo, agus go mbreathnófaí ar bhealaí eile chun dualgais na gComhlachtaí Poiblí a dhaingniú.
- go mbeadh dualgais chomónta i measc Comhlachtaí Poiblí cosúla ionas go mbeadh tuiscint ag an bpobal ar na seirbhísí ar féidir leo a bheith ag súil leo sa dá theanga oifigiúla.
Cuirfear aighneacht chuimsitheach le chéile bunaithe ar imeachtaí an tsiompóisiam agus cuirfear seo faoi bhráid an Rialtais mar ábhar cúnaimh don phróiseas athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe, tá an Rialtas ag lorg tuairimí an phobail maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, agus is féidir suirbhé, (nach dtógann ach 10 nóiméad) a líonadh isteach ar an suíomh idirlín: www.ahg.gov.ie.
Sleamhnáin le híoslódáil:
Sleamhnáin le Dáithí Mac Cárthaigh (Eanáir 2012).pdf
Sleamhnáin le Julian de Spáinn (Eanáir 2012).pdf
Sleamnáin le Séamus Mac Giolla Chomhaill (Eanáir 2012).pdf
Sleamnáin le Seán Ó Cuirreáin (Eanáir 2012).pdf
©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Eanáir 2012
↧