Ag eascairt as an bplé agus as na moltaí a cuireadh chun cinn i rith an Tóstail, cuirfidh An Chomhdháil aighneacht faoi bhráid na Roinne Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta bunaithe ar mhianta an phobail maidir leis na seirbhísí a bheidh ar fáil don phobal faoin Acht Teanga.
‘Treisiú Stádas na Gaeilge’ a bhí mar théama an Tóstail i mbliana, agus leag na haoichainteoirí idirnáisiúnta An tOllamh Colin Williams (An Bhreatain Bheag) agus an tOllamh François Grin (An Eilvéis) an-bhéim ar thábhacht neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga chun stádas na Gaeilge a neartú faoin Acht Teanga, agus dúirt nach mbeadh muinín ag an bpobal in Oifig an Choimisinéara mura mbeadh an t-oifig sin iomlán neamhspleách.
Thug an Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin cur síos ar na moltaí mar atá déanta ag a Oifig i dtaca leis an an Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus thug sé cur síos lom ar na heasnaimh atá sa chóras faoi láthair, go háirithe na heasnaimh a bhaineann le córas daingnithe na scéimeanna teanga.
I measc na moltaí a tháinig chun cinn le linn an Tóstail, ó shaineolaithe na pleanála teanga a bhí mar aoichainteoirí agus ón bpobal i gcoitinne bhí na moltaí thíos – Tabharfar na moltaí seo san áireamh in aighneacht na Comhdhála chuirfear faoi bhráid na Roinne Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta.
PRÍOMH-MHOLTAÍ
Oifig an Choimisinéara Teanga
· Moladh go gcosnófaí neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga agus nach gcónascfaí é le hOifig an Ombudsman.
• Moladh go mbeadh leasuithe ar an Acht bunaithe ar chearta teanga, in áit a bheith bunaithe ar ghealltanais na gComhlachtaí Poiblí.
• Moladh aicmiú a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí de réir an bhaint atá acu le seirbhísí líne tosaigh a chur ar fáil don phobal.
Comhlachtaí Poiblí
• Moladh go dtitfeadh dualgais an Achta ar gach Comhlacht Poiblí nuabhunaithe go huathoibríoch ag am a bhunaithe.
• Moladh go gcuirfí forálacha leis an Acht, ionas go mbeadh dualgais i dtaobh an Achta ar fhochonraitheoirí a earcaíonn Comhlachtaí Poiblí chun seirbhísí a chur ar fáil don phobal.
• Moladh go gcuirfí forálacha leis an Acht ionas go mbeadh dualgais reachtúil ar Chomhlachtaí Poiblí ainmneacha Gaeilge/dátheangacha agus lógónna Gaeilge/dátheangacha a úsáid
• Soláthar comhleibhéal seirbhísí a bheith riachtanach d’eagraíocht sna réimsí céanna –m.sh comhairlí contae Gaeltachta
• Moladh go mbunófaí Deasc Cúram Custaiméirí laistigh de Chomhlachtaí Poiblí chun freastal ar fhiosrúcháin ón bpobal sa dá theanga oifigiúil.
• Moladh go mbunófaí córas náisiúnta caighdeánach maidir le cúrsaí foilseacháin, le leaganacha oifigiúla comónta d’fhoilseacháin dhátheangacha ionas go seachnófaí aistriúchán ar fhoilseacháin a bheith ann faoi dhó, ag Comhlachtaí Poiblí éagsúla.
• Moladh go mbeadh Oifigeach Forbartha Gaeilge ag aon eagraíocht atá ag freastal ar an nGaeltacht nó ar phobal láidir teanga.
• Moladh go leanfaí cur chuige cosúil le samhail Cheanada, is é sin “an tairiscint ghníomhach” a chiallódh go mbeadh ar chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a fhógairt agus a chur in iúl don phobal. Ní mór do gach comhlacht poiblí éileamh ar sheirbhísí a chothú agus an pobal urlabhra a spreagadh.
• Moladh go mbeadh sé soiléir don chainteoir Gaeilge céard iad na seirbhísí atá ar fáil dóibh. Tá gá le haiseolas a bhailiú go gníomhach ó chustaiméirí le caighdeán seirbhísí faoin Scéim a dheimhniú.
• Moltar go gcuimseofaí modúl ar an bhfeasacht teanga mar chuid de na cúrsaí insealbhaithe, oiliúna agus seirbhís ardchaighdeáin do Chustaiméirí araon lena chinntiú go dtuigeann baill foirne impleachtaí Acht na dTeangacha Oifigiúla agus tionchar an Achta ar a gcuid oibre.
An Ghaeilge agus an Dlí
• Moladh go ndéanfaí Billí an Oireachtais a aistriú go Gaeilge fad is a bhí siad ag dul tríd an Dáil, rud a chabhródh go mór le haistriúcháin ar Achtanna an Oireachtais a bheith ar fáil in am d’fhoilsiú gach Achta go comhuaineach sa dá theanga oifigiúil.
Comharthaí Tráchta
• Tugadh moltaí maidir le dathanna na gcomharthaí bóithre agus conas barr feabhais a chur ar chruth na bhfocal.
• Moladh Lámhleabhar na gComharthaí Tráchta agus na Rialacháin Chomharthaíochta a chónascadh.
Polasaí Earcaíochta an Státchórais
• Polasaí earcaíochta don tseirbhís phoiblí a chur ar bun le go mbeadh céatadán áirithe d’fhoirne na gcomhlachtaí poiblí dátheangach.
• Polasaí oiliúna don tseirbhís phoiblí chun cur le cumas na foirne seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar.
• Ba cheart go mbeadh róil áirithe ina róil dhátheangacha, agus níor cheart daoine nach bhfuil cumas acu sa dá theanga oifigiúil a cheapadh sna róil seo.
An Ghaeltacht agus Pobal Labhartha na Gaeilge
• Moladh gur gá tabhairt faoi fheachtas feasachta teanga, agus feachtas feasachta cearta, chun lucht labhartha na Gaeilge, agus an saol níos leithne a chur ar an eolas faoina gcearta teanga.
• Moladh go mbeadh seirbhísí uile an Stáit ar fáil sna ceantair Ghaeltachta i nGaeilge
Is féidir sleamhnáin na n-aoichainteoirí, agus físeán de Thóstal na Gaeilge 2012 a fháil ag an nasc seo: www.gaelport.com/tostal2012.
Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe, tá an Rialtas ag lorg tuairimí an phobail maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, agus is féidir suirbhé, (nach dtógann ach 10 nóiméad) a líonadh isteach ar an suíomh idirlín: www.ahg.gov.ie.
© Gaelport.com 24 Eanáir 2012
↧