Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Torthaí an Údaráis 2011

$
0
0

Eisíodh ráiteas ar maidin inar tugadh cur síos ar ghníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta sa bhliain 2011. Deirtear san athbhreithniú  ar thorthaí na bliana go raibh an líon post a cailleadh le bliain anuas ag leibhéal i bhfad níos ísle ná mar a bhí le roinnt blianta anuas, le laghdú 40% in 2011 i gcomparáid le 2009. Cruthaíodh  734 post i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta – ach nuair a chuirtear líon na bpost a cailleadh san áireamh bhí glanchaillteanas de 104 post i gceist. Tugtar le fios chomh maith go raibh 7,500 duine fostaithe i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana. Chuir an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Dinny McGinley TD fáilte roimh an ráiteas ar maidin. Dúirt sé gur cúis dóchais é fosta go bhfuil beartaithe ag roinnt cliantchomhlachtaí de chuid an Údaráis pleananna forbartha a chur i gcrích agus infheistíocht bhreise a dhéanamh i dtaighde agus i bhforbairt sna blianta amach romhainn. Tugtar le fios sa tuarascáil go raibh díolachán iomlán de €750 milliún ag cliantchomhlachtaí an Údaráis sa bhliain 2010 agus gur bhain €399 milliún de le heaspórtáil, méadú 13% ar an bhliain roimhe sin. Chomh maith leis sin, chuir an tÚdarás tacaíocht ar fáil d’fheidhmiú 82 naíonra ar a raibh 950 páiste ag freastal agus cuireadh cúnamh ar fáil do 62 club óige agus ionad buail isteach i gceantair Ghaeltachta. ©Foilsithe ar Gaelport.com 23 Eanáir 2012.

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>