Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Lá Gaeilge molta do Dháil Éireann

$
0
0

Scríobh an Teachta Dála chuig aoire an Rialtais, Paul Kehoe TD ag moladh gur chóir lá iomlán d’imeachtaí trí mheán na Gaeilge a reáchtáil i dTithe an Oireachtais.   In áit díospóireacht trí mheán na Gaeilge nó díospóireacht ghinearálta ar cheist na Gaeilge, tá molta aige go ndéanfar gnó an Oireachtais a reáchtáil trí mheán na Gaeilge agus go mbeadh riar na hoibre agus ceisteanna ó  na  ceannairí ar siúl trí mheán na Gaeilge ar an  ábhar go bhfuil Gaeilge mhaith ag ceannairí na bpáirtithe go léir. Sa litir, deir Ó Snodaigh go léireodh na himeachtaí seo  “tábhacht na Gaeilge do polaiteoirí agus gur féidir gnó an Oireachtais bheith trí Ghaeilge agus bheadh sé mar sampla spreagúil do a lán Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí” Deirtear freisin go bhfeadfadh ceisteanna don Aire Ealaíon, Oidhreacht agus Gaeltachta a bheith ar an sceideal don lá céanna agus go bhféadfadh coistí Oireachtais a  gcúraimí i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé. Thabharfadh sé le fios don phobal nach ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta amháin a bhíonn an plé sa Dáil as Gaeilge, dar leis. ©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Eanáir 2012.

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>