Chuir Guth na Gaeltachta roimh an chinneadh seo mar go gcothaíonn sé cinnteacht faoi thodhchaí an Údaráis.
Bhí an chinnteacht seo in easnamh le bliain nó dhó de bharr an moladh a thainig chun tosaigh i dtuarascála éagsúla cuid feidhmeanna fiontraíochta an Údaráis a aistriú go dtí Fiontar Éireann.
Deirtear sa ráiteas a d'eisigh Eamonn Mac Niallais go bhfuiltear ag súil go leanfar ar aghaidh leis an proiséas earcaíochta gan tuilleadh mhoill agus go gceapfar Príomh Fheidhmeannach leis an tÚdarás a threorú ó thaobh cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht.
Foilsithe ar Gaelport.com 27 Eanáir 2012.
↧