Tá an cruinniú á reáchtáil ag Coiste Forbartha na Gaeltachta Contae an Chláir agus dar le Seósamh Mac Ionnrachtaigh ceaptar go bhfuil éileamh ar stádas Gaeltachtachta mar tá 170 cainteoir Gaeilge ag cur fúthu in iarthar an Chontae agus sa cheantar máguaird.Bhíodh stádas Gaeltachta ag ceantar siar ó Inis ag Dún Beag, Inis Díomáin, Carraig an Chabhaltaigh agus Lios Dún Bhearna sna 1920í ach baineadh an stádas Gaeltachta sin nuair a rinneadh aisghairm ar Acht na dTithe Gaeltachta.Deir sé go bhfuil cainteoirí Gaeilge fós ar an saol a d’éirigh leo deontais a fháil faoi Scéim labhairt na Gaeilge fadó ach nuair a baineadh stádas Gaeltachta ó na ceantair sin, tháinig deireadh le tacaíocht an stáit.Ar an oíche beidh an Pat Breen T.D i láthair go maith le hionadaithe ó eagrais phobail agus ó chraobhacha Chonradh na Gaeilge.Níl sé as an áireamh dar leis go mbeadh an deis gréasáin Ghaeltachta nua a bhunú faoin Straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Moltar sa Straitéis go ndéanfar forbairt ar phobail teanga nua lasmuigh den Ghaeltacht mar atá sí faoi láthair ach go fóill níl polasaithe níos forbartha i dtaobh bhunú na gréasán sin eisithe ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta.Tá bóthar fada rompu ach deir sé go bhfuil i gceist ag an gcoiste na cainteoirí Gaeilge ar fad a chur in aithne lena chéile thar thréimhse ama agus stádas reachtúil Gaeltachta a lorg don chontae roimh 2016.©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Eanáir 2012.
↧