Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Léiriúcháin Ghaeilge san iomaíocht ag Féile na Meán Ceilteach

$
0
0

Fógraíodh  le déanaí gearrliosta na gcraoltóirí a bheidh san iomaíocht do na duaiseanna a mbronnfar i nDoire ón 18 agus 20 Aibreán 2012. Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duaisaicmí éagsúla faoi bhráid giúiré náisiúnta i ngach dtír  sula roghnaítear an scoth le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta D’éirigh le léiriúcháin Ghaeilge ó ardáin éagsúla; teilifís, na meáin úra agus an raidió ainmniúcháin á fháil ar an ngearrliosta iomaíoch seo agus beifear ag súil go mbeidh lucht na Gaeilge ag crochadh leo duaiseanna i Mí Aibreáin. Réaltaí teilifíse Ina measc beidh an sraith iomráiteach, ‘Corp agus Anam’ san iomaíocht sa chatagóir don tsraith drámaíochta is fearr. Léirigh Magamedia an tsraith seo agus gan amhras oirfeadh sé don chomhlacht ‘Torc’ a thabhairt abhaile ó Fhéile na meán Ceilteach le cur in aice leis an IFTA a bronnadh orthu cúpla seachtain ó shin.Tá an dráma ‘ An tÁth’ le Deirdre Ní Fhlatharta ainmnithe sa rannóg do dhrámaí gairide teilifíse. Chomh maith leis sin d’éirigh le ‘Ó Tholg go Tolg’ ainmniúchán a fháil i gcatagóir na ndaoine óga. Ba iad Red Pepper Productions a léirigh an tsraith taistil seo inar ndeachaigh beirt bhan mhisniúla ag taisteal ar fud na hEorpa agus iad ag fanacht  i dtithe mhuintir na háite. D’éirigh le ‘Cé a Chónaigh i mó Theachsa’, sraith faisnéise atá léirithe ag Tile Films Ltd ainmniúchán á fháil i rannóg na siamsaíochta faisnéise.  Bliain bhisiúil go leor is ea í don chomhlacht léiriúcháin tar éis gur léirigh NBC international suim sa chlár. Anuas air sin d’éirigh le  ‘ Ar chúiseanna stáit: Bású George Plant’ ainmniúchán a fháil sa chatagóir chéanna le ‘Bliana in Inis Oírr, sraith faisnéise a léirigh Power Pictures Ltd. Chuir ainmniúchán an chláir faisnéise,  ‘Tubaiste Árann Mhór’ le Tobar Productions an sméar mhullaigh leis an líon ainmniúchán a tugadh do léiriúcháin Ghaeilge i mbliana. Ainmníodh an suíomh Gréasáin ‘Talkirish.com do ghradam Kieran Hegarty agus bronnfar an duais sa chatagóir seo ar an suíomh idirghníomhach is fearr. Réaltaí Raidió D’éirigh leis an stáisiún raidió pobail Raidió Fáilte, atá lonnaithe i mBéal Feirste ainmniúchán a fháil i rannóg na gclár faisnéise raidió. Níor éirigh le aon léiriúchán eile Gaeilge  ainmniúchán a fháil sa rannóg iomaíoch seo. Bhí lúcháir ar Raidió na Gaeltachta arís i mbliana ar an ábhar gur ainmníodh an stáisiún don duais iomráiteach mar Stáisiún Raidió na Bliana. Chuir ainmniúchán Frances Nic Géidigh mar phearsa raidió na bliana le cúis cheiliúrtha an stáisiúin agus caithfidh go bhfuil sé dóchasach go maith go gcrochfar duais leis i nDoire i Mí Aibreáin. © Foilsithe ar Gaelport.com - 21 Feabhra 2012

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>