Táthar ag súil go meallfaidh na póstaeir seo tuilleadh imreoirí chuig foireann peile na mban, agus an fhoireann camógaíochta a bheidh á bunú go luath.
Dúirt Eoghan Ó Murchadha, Oifigeach Caidrimh Poiblí Na Gaeil Óga, agus é ag labhairt ar na póstaeir úr: “Tá roinnt spraoi ag baint leis na póstaeir úra, tá súil againn go gcuirfidh siad daoine ag caint fúinn agus go scaipfear an focal”.
Tá an t-aon chlub CLG lánGhaelach sa phríomhchathair ag dul ó neart go neart óna bhunú sa bhliain 2011 agus ní hiad na mná amháin atá ag teastáil faoi láthair. Tá lánfháilte roimh imreoirí d’fhoireann na bhfear , agus tá traenálaithe agus cúntóirí de dhíth chomh maith.
Chun teagmháil a dhéanamh leis an gclub is féidir ríomhphost a sheoladh chug: cumannclg@gmail.com.
© Gaelport.com 24 Feabhra 2012
↧