D’fhreastail Carál Ní Chuilín, MLA, Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, TD, Aire Stáit ar a bhfuil freagracht ar leith as Gnóthaí Gaeltachta agus Jonathan Bell, MLA, Aire Sóisearach, ar an gcruinniú.
Le linn an chruinnithe nótáil na hAirí an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ag Foras na Gaeilge i dtaca le forbairtí ar shamhail nua iomaíoch mhaoinithe.
Níor moladh áfach go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcomhairliúcháin poiblí, gníomh á bhí á lorg ag na heagrais le tamall anuas.
Athbhreithniú ar mhaoiniú na nEagras
Faoi láthair, tá comhairliúchán poiblí ar bun ag Foras na Gaeilge maidir leis an tSamhail Nua Mhaoinithe mar atá molta acu do na 19 eagrais Ghaeilge a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge.
Deireadh Fómhair seo caite, thug an CATT treoir d’Fhoras na Gaeilge dul i mbun chomhphlé leis an earnáil dheonach maidir le struchtúr úr maoinithe do na heagrais bunmhaoinithe. Iarradh ar an bhForas cás gnó mionsonraithe a ullmhú chun tacú le punann na ndréacht-scéimeanna a bhí beartaithe mar chuid den struchtúr maoinithe úr agus plean tionscadail athbhreithnithe a ullmhú, a thabharfaidh aird ar chur i gcrích an phróisis.
Faoin tSamhail Nua Mhaoinithe déanfar an maoiniú a dháileadh laistigh d’ocht scéim. I measc na scéimeanna siúd beidh: Scéim Abhcóideachta, Scéim Áiseanna Foghlamtha, Scéim na nEalaíon, Scéim Óige, Scéim Raidió Pobail, Scéim Tacaíochta Oideachais, Scéim Réamhscolaíochta agus Scéim Tacaíochta Pobail.
Mar a tuairiscíodh ar Gaelport.com roimhe seo, ta na heagrais bhunmhaoinithe den tuairim go bhfuil sé beartaithe ag an bhForas deireadh a chur le bunmhaoiniú an 19 eagras atá faoina scáth, gan dul i gcomhairle leis an earnáil d’fhonn staid reatha na hoibre a fhiosrú chun teacht ar mhodhanna nua oibre. Tá sé curtha in iúl go lom ag na heagrais nach mbeidh siad in ann feidhmiú gan bhunmhaoiniú
Ag tús na bliana seo, d’eisigh na heagrais comhráiteas ag léiriú a mbuartha, inar mhol siad d’Fhoras na Gaeilge “meicníocht idirbheartaíochta” a aontú leo le teacht ar chóras nua maoinithe a thacóidh agus a spreagfaidh an Ghaeilge sa phobal ar bhonn pleanáilte agus aontaithe.
Próiseas Comhairliúcháin
Tá scríofa ag eagraíochtaí an Fhóraim, chuig Airí na CATT le déanaí ag léiriú míshástachta leis an bpróiseas comhairliúcháin reatha maidir leis an tSamhail Nua Mhaoinithe. Sa chomhfhreagras seo cuirtear in iúl go gcuireann dlús an doiciméid chomhairliúcháin dhátheangaigh atá eisithe ag Foras na Gaeilge, de 108 leathanach, dúshlán nach beag roimh an bpobal tabhairt faoin gceistneoir a fhreagairt. Cé go bhfuil cruinnithe poiblí agus grúpaí fócais le bheith ann, fós féin, dar leis na heagrais gur ar aighneachtaí is mó a bhíonn próiseas mar seo ag brath agus nach bhfuil an ceistneoir áisiúil don ghnáthdhuine, i gceachtar den dá theanga.
Dar leis na heagrais freisin nach dtugtar deis sa doiciméad comhairliúcháin don lucht freagartha aon tuairim a léiriú ach tuairim a thacaíonn leis an tsamhail iomaíoch ar bhonn 8 scéimeanna, ar feadh tréimhsí de thrí bliana.
Tuarascálacha Bliantúla an Fhorais
Tugadh le fios sa chruinniú CATT go mbeidh Tuarascáil Bhliantúil an Fhorais Teanga don bhliain 2008 le cur faoi bhráid an Oireachtais san Earrach.
Chomh maith leis sin, beidh athbhreithniú a dhéanamh ar dhílarú Fhoras na Gaeilge i bhfianaise cinneadh an rialtais cealú an chláir dhíláraithe, de bharr na ndeacrachtaí reatha eacnamaíochta, agus cealú roinnt tionscadal, cuid acu fágtha mar atá agus athbhreithniú á dhéanamh ar chuid eile acu. Breathnóidh an dá Roinn ar na himpleachtaí a eascróidh as an cinneadh sin don Fhoras Teanga.
Is féidir an Communiqué iomlán ó chruinniú na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas a léamh thíos:
Final Joint Communiqué (Irish) - LAN 1 (12) - 14 February 2012.pdf
© Gaelport.com 21 Feabhra 2012
↧