Sraith ghleoite de cheithre leabhar eolais faoi na feithidí is suimiúla ar domhan, feithidí a bhíonn thart orainn an t-am go léir leis an údar Alejandro Algarra agus atá aistrithe go Gaeilge ag Máire Uí Mhaicín.
Seo hiad na leabhar atá sa tsraith: Seo agat Beacha, Seo Agat Féileacáin, Seo Agat Damháin alla agus Seo agat Seangáin
An ndearna tú iontas d’fhéileacán riamh? Ar mhaith leat eolas a fháil faoi shaol iontach na ndamhán alla? An eol duit go bhfuil cineálacha éagsúla seangán ann?
Cad faoi chóras iontach oibre na mbeach? Sna leabhair seo beidh tú i gcomhluadar na bhfeithidí seo uile agus iad ag cur síos duit ar a saol féin, a gcuid nósanna, a gcuid bia, an tslí a dtagann siad ar an saol, na naimhde acu agus mar a bhíonn siad ag faire amach dá chéile.
Tá sraith fíricí suimiúla i ndeireadh gach leabhair faoin mbaint thábhachtach atá ag na feithidí seo leis an timpeallacht.
Bainfidh idir óg agus aosta taitneamh agus eolas as na leabhair áille seo. Tá na leabhair seo maisithe go hálainn le pictiúir ghleoite ildaite ag Daniel Howarth.
Tá na leabhair seo feiliúnach do ghasúir aois 10+
Ceist na seachtaine seo:
Cén comhlacht foilseacháin a d’fhoilsigh na leabhair Seo Agat Féileacáin & Seo agat Beacha?
· Cló Iar-Chonnacht
· Futa Fata
· Cló Mhaigh Eo
· An Gúm
Seol freagraí agus ainm do scoile chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas:
duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 01 Márta 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Comhghairdeas le Máire Wren as Cois Cláidí, Co. Dhún na nGall a bhuaigh bailiúchán iontach de Dhánta uile an Ríordánaigh san eagrán seo caite.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 21 Feabhra 2012
↧