Tá i gceist aige 10,000 duine a mhealladh ar ais i dtreo na teanga, ina measc siúd beidh Kevin Myers, Ray Foley agus craoltóirí eile a raibh amhrasach go leor go dtí seo faoi luach na teanga.
Níl aon amhras ach go bhfuil dúshlán mór roimh an dornálaí ach deir sé go bhfuil cúis láidir aige go bhfuil sé ag seasamh leis an bhfeachtas. “Táim an-bhródúil ar fad as bheith i mo Ghael agus tá sé ríthábhachtach dom an dúthracht seo atá agam don Ghaeilge a thabhairt do mo pháistí” a deir sé.
Sceitheadh an scéal mar gheall ar an chlár úr teilifíse, ‘Bernard Dunne’s Bród Club’ ar The Saturday night show Dé Sathairn seo caite, tar éis feachtas rúnda fógraíochta. Scaipeadh scéalta ar na meáin agus sna meáin úra faoin bhfeachtas www.tryagain2012.com agus thug Dunne le fios ar an seó cainte go raibh tús curtha lena fheachtas pearsanta, Bernard Dunne’s Bród Club.
Craolfar an chéad chlár sa tsraith ar RTÉ Dé Luain, 5 Márta, agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí Dé Luain, 9 Aibreán. Tá an clár léirithe ag Independent Pictures agus fuair siad tacaíocht láidir ón BAI agus ó Fhoras na Gaeilge.
Sa chlár rachaidh Dunne ar chamchuairt na tíre agus é ag spreagadh daoine chun triail a bhaint as an nGaeilge a labhairt arís. Bainfear leas as na meáin úra san fheachtas le go mbeidh cainteoirí in ann teagmháil a dhéanamh lena chéile. Cothóidh Dunne blag ina mbeidh cur síos ar na hiarrachtaí atá ar bun aige agus beidh feachtas láidir ar Facebook agus ar Twitter chomh maith. Iarrfar ar rannpháirithe clárú le suíomh Gréasáin RTÉ chomh maith ar rte.ie/brodclub
Cheana féin tá lucht na Gaeilge ar líne chomh maith le daoine ar bheagán Gaeilge tar éis suim a léiriú san fheachtas. Beidh le feiceáil conas mar a éireoidh leis an gclub ach is cinnte go bhfuil suim ag an pobal cheana féin - an mbeidh tú ag glacadh páirte sa chlub?
©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Feabhra 2012
Lean an scéal agus @gaelport ar Twitter: #bródclub #gaeilge
↧