Anois, tá beartaithe aici suíomh gréasáin nua a bhunú a bheidh ag freastal ar lucht ealaíne na Gaeilge. Labhair sí le Gaelport.com faoi Duil.ie, suíomh gréasáin úrnua atá ag lorg scríbhneoirí agus colúnaithe i láthair na huaire.
Inis dúinn faoi Dúil.ie ar dtús
Bhuel, táim ag obair ar Dúil le cúpla mí anuas. Suíomh Gréasáin atá ann ina mbeidh ailt faoi na healaíona foilsithe ann chomh maith le léirmheasanna ar ócáidí agus ealaíon na Gaeilge.
Is dócha go mbíonn píosaí sna meáin Ghaeilge eile mar shampla ar Gaelport.com, Foinse, Gaelscéal agus Beo.ie ach theastaigh uaim go mbeadh béim níos mó ar anailís agus díospóireacht agus tuairiscí ar chúrsaí ealaíne agus ócáidí. Chomh maith leis sin tá i gceist agam go bhfoilseofaí scéalta nuachta mar gheall ar ócáidí poiblí i saol na Gaeilge.
Agus an mbeidh sé dírithe ar spriocphobal ar leith?
Teastaíonn uaim go mbeadh sé dátheangach.. Tá leagan Gaeilge agus leagan Béarla don suíomh ann mar táim ag súil go mbeidh sé mar áis d’fhoghlaimeoirí freisin.
Is dócha go mbíonn sé deacair ar dhaoine a bhíonn ag foghlaim aon teanga ón tús bealach isteach a fháil ar an teanga. Mar sin teastaíonn uaim go mbeadh gach rud ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.
Is é seo an chéad suíomh gréasáin dá leithéid mar sin?
‘Sea táim ag ceapadh gurb é an chéad suíomh a bheidh ag díriú ar na healaíona i saol na Gaeilge. Teastaíonn uaim forbairt a dhéanamh de réir a chéile. Faoi láthair tá an suíomh gréasáin bunaithe ar bhlag ach amach anseo tá i gceist agam go mbeadh níos mó eolais ar fáil ar an suíomh.
Mar shampla teastaíonn uaim féilire a chur ar bun ar an suíomh do na hócáidí Gaeilge. De réir a chéile beidh suíomh á chruthú againn ach is dócha gur theastaigh uaim tús a chur leis agus ailt agus léirmheasanna a fhoilsiú.
Agus tá scríbhneoirí á lorg agat faoi láthair.
Tá go deimhin. ‘Sea má tá spéis ag aon duine bheith ag scríobh faoi chúrsaí ceoil nó cúrsaí litríochta cuirfidh mé fáilte roimh ailt. Tá féidearthachtaí ann sraith ailt a fhoilsiú nó má tá spéis ag duine colún a scríobh b’fhéidir go rialta beimid sásta glacadh leo. Má tá daoine ag iarraidh léirmheasanna a dhéanamh ar litríocht nó ar ócáidí tá ailt mar sin uaim chomh maith.
An mbeidh an iris le foilsiú ar dháta ar bith sa mhí?
Beidh na hailt le foilsiú go rialta. Teastaíonn go mbeadh ailt foilsithe minic go leor. Go dtí seo níl ach meascán beag ar an suíomh agus beidh sé sin ag forbairt de réir a chéile
Is léir go bhfuil tú ag tarraingt go leor oibre ort féin!
Tá a fhios agam go maith ach is dócha gur theastaigh uaim é a dhéanamh. Ach beidh roinnt daoine ó na meáin eile ag cabhrú liom go maith.
Beidh ailt ann le Raidió na Life chomh maith le rogha ceoil le Rónán Mac Aodha Bhuí agus leabhar na míosa le Clubleabhar.com.
Teastaíonn uaim díriú isteach ar na háiseanna atá ann ar ndóigh. Gach Luan beidh eolas mar gheall ar chláir raidió agus teilifíse sna meáin Ghaeilge. Beidh gach rud á cheangail le chéile gan amhras.
Inis dúinn faoi do chúlra a Julianne.
Tá deich mbliana caite agam mar innealtóir fuaime agus bainisteoir léiriúcháin. Bhíos ann sa Bhreatain ar feadh na nblianta. A Fhad is a bhí mé sa Bhreatain bhí mé ag múineadh Gaeilge ar feadh trí bliana leis an Manchester Irish language Group.
Bhunaíomar scáthghrúpa darbh ainm Gaeilge na Breataine le Glór na nGael, is scáthghrúpa do na grúpaí Gaeilge ar fad sa Bhreatain a bhí ann.
Bhíos ag plé leis sin agus bhíos ag plé leis na meáin shóisialta. Nuair a tháinig mé ar ais bhunaíos an comhlacht, Fáilte ina bhfuilim ag plé
leis na meáin shóisialta agus cúrsaí poiblíochta agus cumarsáide i nGaeilge do chomhlachtaí agus eagraíochtaí Gaeilge.
An gceapann tú go bhfuil na healaíona Gaeilge faoi bhláth?
Táim ag ceapadh go bhfuil. Ach ó mo thaithí pearsanta, bíonn sé deacair slua a tharraingt ag ócáidí. Ní bhíonn a fhios agat an dtiocfaidh daoine ann ach táim ag ceapadh go bhfuil éileamh an- mhór ann.
Teastaíonn uaim go mbeadh daoine in ann teacht ar eolas áit ar bith ar domhan agus is dócha go mbíonn go leor suíomhanna mar sin i mórtheangacha agus measaim go bhfuil éileamh ar an gcineál sin eolais trí Ghaeilge chomh maith.
Tá roinnt daoine tar éis a bheith i dteagmháil liom cheana féin agus tá siad sásta go maith leis an gcoincheap ar aon chuma.
Más spéis le duine páirt a ghlacadh sa togra agus peann a chur ar phár cad a mholfá dó nó di?
Bhuel tá folúntais do scríbhneoirí agus léirmheastóirí faoi láthair a bheadh ag obair ar bhonn deonach. Ní mór d'iarrthóirí Gaeilge líofa agus cruinn a bheith acu ach glacfar le hiarratais ó dhaoine ar bheagán taithí. Is fearr ríomhphost a sheoladh chugam ar dtús chuig eolas@duil.ie.

©Foilsithe ar Gaelport.com 03 Aibreán 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Scríbhneoirí agus Léirmheastóirí á lorg
As na Nuachtáin: Raidió réalteanna: Raidió na Gaeltachta marks 40 years
Gairm ar Pháipéir ar dhrámaíocht na hÉireann
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #dúil