![](http://www.gaelport.com//uploads/images/news/o-riordain.jpg)
Anuraidh sheol an file aitheanta Louis de Paor an leabhar Seán Ó Ríordáin: Na Dánta, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
Duine de mhórfhilí na Gaeilge ón bhfichiú haois ab ea Seán Ó Ríordáin. Rugadh i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí é an 3 Nollaig 1916, agus is ann a chaith sé tús a óige. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go cathair Chorcaí le freastal ar scoil ansin, agus d’fhan sé ina chónaí sa chathair an chuid is mó dá shaol.
Chuaigh sé le hiriseoireacht agus é ag scríobh go rialta don Irish Times. Fauir sé bás sa bhliain 1977.
Sa leabhar nuafhoilsithe seo tá cnuasaithe le chéile faoi aon chlúdach amháin, den chéad uair riamh, saothar iomlán filíochta Sheáin Uí Ríordáin: na trí chnuasach a foilsíodh lena bheo, Eireaball Spideoige (1952), Brosna (1964), agus Línte Liombó (1971), chomh maith leis an saothar a cuireadh i gcló tar éis don fhile imeacht ar shlí na fírinne, Tar Éis mo Bháis (1978).
Ceist na seachtaine seo:
Cén bhliain a fuair Seán Ó Ríordáin bás?
• 1981
• 1870
• 1963
• 1977
Seol freagraí agus ainm do scoile chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 12 Aibreán 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Comhghairdeas le Breandán Ó Braoin as Baile Átha Cliath agus le Seán Ó Muimhneacháin, as Co. Chorcaí a bhuaigh duaiseanna an eagráin seo caite.
©Foilsithe ar Gaelport.com - 3 Aibreán 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:
As na Nuachtáin: Beckett's plays take their place on stage 'as Gaeilge' for the first time
Ciarán Ó Maonaigh agus Caitlín Nic Gabhann @Bewley's
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge