Déanann an Fhéile Pan Cheilteach na cultúir, traidisiúin agus na teangacha Ceilteacha a chothú, a fhorbairt agus a chur chun cinn trí cheol, amhránaíocht, damhsa, spóirt agus cuideachta trí Albain, An Bhreatain Bheag, An Choirn, Oileán Mhanann, An Bhriotáin agus Éirinn a nascadh le chéile.
Is baile an-stairiúil agus an-chultúrtha é Ceatharlach atá suite ar bhruach na hAbhann An Bhearú agus a roinneann na sléibhte aitheanta Na Staighrí Dubha lena comharsa Loch Garman.
Beidh na sluaite ag triall ar an mbaile áit a dtabharfaidh an Fhéile deis do mhuintir an bhaile agus do mhuintir na hÉireann ár dteanga, ár gcultúr agus ár muintearas a roinnt le tíortha Ceilteacha eile agus ár gcultúr a chothú.
Beidh go leor comórtais éagsúla ar siúl le linn na féile idirnáisiúnta seo. Bíonn deis ag an bpobal taitneamh a bhaint as neart ceoil thraidisiúnta, píopaí uilleann, damhsaí éagsúla, paráid ildaite ar na sráideanna chomh maith le deis iontach teangacha tíre eile a chloisteáil le linn na féile.
Ar an gCéadaoin,11 Aibreán beidh taispeántais cheoil agus rince as na Tíortha Ceilteacha chomh maith le Comórtas Amhránaíochta Traidisiúnta agus beidh oíche go maidin in Óstán Seven Oaks le neart ceoil le Club na Féile le Muintir na hÉireann.
Ar an 12 Aibreán beidh taispeántas ceol agus rince as na tíortha Ceilteacha arís, Comórtas Amhrán Pan Cheilteach in Óstán Seven Oaks agus cuirfear críoch le himeachtaí an lae le Oíche ó mhuintir Oileán Mhanann & An Choirn i gClub na Féile.
Mar chuid de na himeachtaí eile a bheidh ar siúl beidh Comórtais Chamógaíochta, Comórtas Idirnáisiúnta Cruite, Comórtas Rince Idirnáisiúnta Comórtas Fidil, rince chomh maith le comórtas na bpíob in Óstán Seven Oaks Dé Sathairn 14 Aibreán.
San óstán céanna beidh oíche mhór ceoil agus filíochta agus ansin ag 7:30 an tráthnóna sin beidh turas na bhfilí na bliana seo atá á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhar le Fèisean nan Gàidheal. Beidh imeacht iontach d’fhilíocht geallta le léamh filíochta Gàidhlig/dátheangach le Rody Gorman & Fearghas MacFhionnlaigh agus amhráin Gàidhlig le Linda NicLeòid / Ceol Albanach agus portaireacht béil le Rona Lightfoot.
Beidh an file áitiúil Deirdre Brennan ag léamh filíochta ar an oíche i gcuideachta na bhfilí Albanacha mar aon le neart ceoil agus amhrán ó na hAlbanaigh agus an t-amhránaí agus an cláirseoir áitiúil Pádraigín Caesar. Leanfar le hOíche na hAlban i gClub na Féile. Tá fáilte roimh chách chuig an oíche mhór filíochta agus cheoil seo agus tá saorchead isteach.
Cuirfear críoch leis na himeachtaí ar an Domhnach, 15 Aibreán le hAifreann Ceilteach in Ardeaglais na Deastógála.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Bhríde de Róiste & Emma Uí Bhroin i nGlór Cheatharlach:
Teil: +353 (0)59 9158105 / 087 2857048/ 085 1340047
Ríomhphost: eolas@glorcheatharlach.ie
© Foilsithe ar Gaelport.com - 03 Aibreán 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:
Dúil sna hEalaíona
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge