Ina measc labhair Marcus Ó Buachalla, fear ildánach atá ag plé le caidreamh poiblí faoi láthair, faoin mbuntáiste breise a thug an Ghaeilge dó agus é i mbun a ghairme beatha.
Bhí an méid seo le rá aige faoina thaithí phearsanta ar lá:
“Haigh, Marcus Ó Buachalla an t-ainm atá ormsa agus tá me ag obair leis an gcomhlacht caidrimh poiblí, Pembroke Communications.
Chuaigh mé go gaelscoil, Scoil Lorcáin, i mBaile na Manach, i mBaile Átha Cliath agus chuaigh mé go dtí an mheánscoil Ghaeilge, Coláiste Eoin, chomh maith leis sin i mBaile Átha Cliath. Chuaigh mé go UCD ansin, chun staidéar a dhéanamh ar Dhlí agus Tráchtáil agus cháiligh mé mar dhlíodóir cúpla bliain ina dhiaidh sin.
Ó thaobh thaithí na Gaeilge de, agus mé i mbun oibre, bím ag obair le TG4, bím ag obair le Newstalk agus chomh maith leis sin bím ag scríobh trí Ghaeilge ar chúrsaí spóirt san Irish Daily Star.
Bíonn an Ghaeilge áisiúil chomh maith ó thaobh caidrimh phoiblí de. Bím ag tabhairt agallamh ar son cliant atá agam dála The Vintner Federation, Bord Gáis Energy, Hotels.com agus é sin ar fad trí mheán na Gaeilge do TG4 nó nuacht RTÉ.”
Tá físeán den agallamh seo le feiceáil thíos.
©Foilsithe ar Gaelport.com - 03 Aibreán 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:
Ardú de 7% ar líon na gCainteoirí Gaeilge
As na Nuachtáin: Voice of Gaeltacht celebrates 40 years since chaotic first broadcast
Léiriúcháin Ghaeilge san iomaíocht ag Féile na Meán Ceilteach
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #bbnag