Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Aip Abair Leat! ar Facebook

$
0
0

Ainm na haipe ná ‘Lámha Suas’ agus í dírithe ar Ghaeilgeoirí de gach caighdeán, meánscoil is saol proifisiúnta.

Freagraítear babhtaí de 13 cheist le pointí a bhailiú mar chuid den chluiche idirghníomhach atá ar fáil anois ar Facebook.  Bunaítear roinnt ceisteanna ar chúrsaí gramadaí agus is éard atá sna ceisteanna eile ná línte cáiliúla ó scannáin agus amhráin mhóra le rá a ndéantar dubáil Ghaeilge orthu.

Moltar cuireadh a thabhairt do do chairde an cluiche a imirt leat; is féidir an bua a bheith agat orthu agus do chuid pointí a mhéadú ag an am céanna.

B’fhiú dul in iomaíocht le do chairde le deis a bheith agat duais den chéad scoth a bhuachan;  Bronnfar Apple IPad 3 ar an té leis an méid is mó pointí ar 13 Aibreáin 2012.

Is féidir teacht ar an aip Lámha Suas ar www.facebook.com/abair leat.

Ba choincheap de chuid Choláiste Lurgan agus Block5 Design i nGaillimh é gréasán sóisialta a chur ar fáil do mhuintir na Gaeilge, agus is iad na grúpaí céanna a chuir an aip le chéile.  Seoladh i mí Feabhra na bliana seo an suíomh Abair Leat! agus tá ballraíocht glactha ag 5000 duine cheana féin, le 1000 cuairteoir ar an suíomh gach lá. 

Seoladh an suíomh le deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí a gcuid Gaeilge a úsáid ar líne i measc Gaeilgeoirí eile ar fud an domhain.  Mar aon leis an bpobal a chruthaíonn an suíomh, tá seirbhís aistriúcháin ar fáil chomh maith d’úsáideoirí.

Táthar ag súil go gcuirfidh an aip nua daoine óga ag caint as Gaeilge sa gnáthshaol agus go dtarraingeofaí breis daoine go dtí an suíomh nua, Abair Leat!.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 03 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Ardú de 7% ar líon na gCainteoirí Gaeilge

Dúil sna hEalaíona

Agallamh: Marcus Ó Buachalla ag Buntáiste Breise na Gaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>