Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód

$
0
0

Ag trí a’ chlog iarnóin, ar Dhomhnach Cásca 1972, craoladh an chéad chlár riamh ar Raidió na Gaeltachta. 

Bunaíodh Saor Raidió Chonamara sa bhliain 1970 mar thoradh ar an mbrú a cuireadh ar údarás na tíre seirbhís raidió a chur ar fáil a fhreastalódh ar mhuintir na Gaeltachta.

Ba í Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta a bhí i mbun an fheachtais agus is as sin a bunaíodh Raidió na Gaeltachta.

Ag tús shaol an stáisiúin, bhíodh seachtar craoltóirí ag cur na seirbhíse i láthair, sna ceantair Ghaeltachta, ar feadh dhá uair sa lá.  40 bliain níos déanaí agus craoltar an tseirbhís 24 uair sa lá, gach uile lá, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ar chóras satailíte agus ar an idirlíon.

Is léir go ndearnadh neart forbartha ó thus na tréimhse craolacháin ach is ar bhunú an stáisiúin a chuirfear an bhéim le linn an chomóraidh sna míonna romhainn.
Titfidh ócáid phobail amach ar Dhomhnach Chásca, 8 Aibreáin in Óstán an Cheathrú Rua ag a mbeidh  Togha agus Rogha ag craoladh beo, agus beidh neart siamsaíochta eile ar siúl don slua ar an lá.

Leanfaidh an comóradh sna míonna romhainn le cláir agus ceolchoirmeacha éagsúla agus léireofar tábhacht na seirbhíse i mí Bealtaine nuair a thabharfaidh Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn cuairt ar cheanncheathrú Raidió na Gaeltachta i gCasla.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 03 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

As na Nuachtáin: Voice of Gaeltacht celebrates 40 years since chaotic first broadcast

As na Nuachtáin: Raidió réalteanna: Raidió na Gaeltachta marks 40 years

As na Nuachtáin: Raidió na Gaeltachta 1972-2012

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>