Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Turas na bhFilí ar chamchuairt

$
0
0
Déanfaidh na filí camhchuairt ar Bhaile Átha Cliath ar 12 Aibreán sular tabharfaidh siad aghaidh ar Cheatharlach don fhéile Phan Cheilteach agus ar Ghaeltacht na nDéise.

Ar oíche Déardaoin 12 Aibréan, rachaidh gearrliosta d’fhilí úra san iomaíocht lena chéile le Corn an Choirnéil Eoghain Uí Néill agus duais €500 a chrochadh leo.

Beidh an file aitheanta Nuala Ní Dhomhnaill mar aoi speisialta ar an oíche agus mar dhuine de na moltóirí ar chomórtas na bliana seo agus beidh léamh filíochta  leis na filí Albanacha, Rody Gorman agus Fearghas MacFhionnlaigh.

Beidh ceol Albanach leis an gceoltóir Rona Lightfoot as Uibhist a Deas agus amhráin Gàidhlig leis an amhránaí Linda NicLeòid. Beidh an t-amhránaí clúiteach sean-nóis Máire Ní Choilm as Mín an Iolair, Doire Beaga i dTír Chonaill i gcuideachta na nAlbanach ar an oíche.

Ar an Aoine 13 Aibreán beifear ag tabhairt cuairte ar Ghaeltacht na Rinne, áit a bheidh oíche mhór fhilíochta agus ceoil le cloisteáil i Meánscoil San Nioclás i Rinn Ó gCuanach.

Beidh an file áitiúil Áine Uí Fhoghlú ag léamh filíochta i gcuideachta na bhfilí Albanacha agus beidh an píobaire Caoimhín Ó Fearghail  fear óg a bhain amach Gradam Cheoltóir Óg na Bliana TG4 2012 ina measc mar aon leis an amhránaí sean-nóis Ann Mulqueen.  Tabharfar deis d’fhilí áitiúla píosa dá bhfilíocht a léamh ag an seisiún maidhc oscailte seo.

Cuirfear clabhsúr bríomhar le Turas na bliana nuair a dhéanfaidh an Turas nascadh le Fhéile Phan Cheilteach na bliana seo a bheidh faoi lán tseoil i gCeatharlach faoin am sin agus beidh oíche mhór filíochta/ceol & amhráin Gaeilge agus Gàidhlig in Óstán Seven Oaks i gCeatharlach ar 14 Aibreán.  

Beidh filí áitiúla Deirdre Brennan agus Siobhán Ní Shíthigh ag léamh filíochta ar an oíche i gcuideachta na bhfilí Albanacha mar aon le neart ceoil agus amhrán ó na hAlbanaigh agus beidh ceol agus amhráin leis an Cruitire/amhránaí áitiúil Pádraigín Caesar.

Tá fáilte roimh chách freastal ar na hócáidí seo go léir.

© Foilsithe ar Gaelport.com 03 Aibreán 2012.

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Gearrliosta Filíochta Fógartha

Folúntas: Oifig Foilsitheoireachta le Cois Life

An bhfuil suim agat Gaidhlig a fhoghlaim?

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #Gaelic #Turas

 



Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>