Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ag Fiach na gCeann Gaelach

$
0
0

Cuirfear tús le taispeántas fíor-shuimiúil in Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, ‘Fiagaí na gCeann Gaelach/The Irish Headhunter’, cartlann de ghrianghraif de chuid Charles R. Browne (1867-1931) ar 3 Bealtaine 2012.

Dochtúir agus antraipeolaí ab ea Charles R. Browne as Baile Átha Cliath, a bhailigh grianghraif a tógadh de muintir na bpobal tuaithe in iarthar na hÉireann idir 1891 agus 1900. Tugann na griainghraif speisialta seo léiriú cuimsitheach ar shaol na ndaoine mar aon le comhthéacs sóisialta do mhuintir na Gaeltachta tráth an ama sin.

Gné shuntasach a bhaineann leis an gcartlann griainghraif ná na hainmeacha pearsanta a luaitear leis na daoine a shamhlófar a mbeadh anaithnid, rud a léiríonn nasc pearsanta leis na pobail. Sna griainghraif feicimid daoine ó Ghaeltachtaí éagsúla ar iarthar na tíre ar nós Myles Joyce, an mháistir scoile ar Inis Bó Finne, lena iníon; Seán ‘An Common Noun’ Ó Dálaigh agus na daltaí scoile ar fad sa tseanscoil i nDún Chaoin; na chéad ghrianghraif de mhuintir an Blascaoid Mhóir; ríthe Inis Gé Thuaidh agus Inis Airc; fir agus mná Charna, Leitir Mealláin and Mhaínse; cailíní Oileán Chliara; oibrithe feirme agus bóithre Iorrais.

Is iad Ciarán Walsh ó www.curator.ie agus Dáithí de Mórdha ó Ionad an Bhlascaoid Mhóir atá i mbun coimeádaíochta agus is é an tAire Donnacha Mac Fhionnlaoich a osclóidh an taispeántas go hoifigiúil.
 
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Mac Fhionnlaoich faoin taispeántas:

"Is í an phríomhdhifríocht idir an taispeántas seo agus portráidíocht eile a tógadh thart fán am sin ná an aird mhionchúiseach a thug Browne ar shliocht, ar oidhreacht agus ar ghinealach na ndaoine a bhí sna grianghraif aige. I ndiaidh dó an grianghraf féin a thógáil, cuireadh i gcomhthéacs é le haistí grianghrafacha den chósta agus den talamh, de shean-iarsmaí, de nósanna, de thithíocht agus de mhodhanna iompair ar muir agus ar thír, gan trácht ar nithe eile, agus tugann sin léargas dúinn ar gach pobal ag an am a rinneadh é."

© Foilsithe ar Gaelport.com - 3 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Music-packed Féile Na Bealtaine ushers in summer in Dingle

Laochra agus Larkin le ceiliúradh ag Scoil Scairte Larkin

As na Nuachtáin: Céiliúradh file


Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>