Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Scéal na Gaeilge le hinsint ar scáileán TG4

$
0
0

Agus Í scríofa agus curtha i láthair ag Alan Titley, insíonn an tsraith nua seo scéal na Gaeilge ó thus an ama go dtí an lá inniu ar mheán nuálach trí úsáid a bhaint as míreanna beochana, cúlraí scáileáin ghlais agus taifeadadh a dhéanamh ag láithreacha stairiúla. Tugtar léiriú ar mhiotais agus ar scéalta stairiúla, spéisiúla ar bhealach éadroim, gealgháireach agus magúil, gné a shúann an breathnaitheoir isteach in ábhair na sraithe.Mar a deir léiritheoir na sraithe Ciarán Ó Coifigh , “ is ionann stair na hÉireann agus stair na Gaeilge” agus tugannn an tsraith léargas ar scéalta a bhaineann le laochra móra sa stair, Cú Chulaiin, Naomh Pádraig, Brian Ború, Macbeth agus Dónal Ó Conaill ina measc. Gaeilge ab ea an teanga labhartha a bhí acu uilig. Beidh na cláracha le feiceáil ar TG4 ar 17 agus 19 Márta ag 20:30.Tá blaiseadh beag ar fáil anseo:Lean an scéal seo agus @Gaelport.com ar Twitter: #gaeilge  #scealnagaeilge©Foilsithe ar Gaelport.com - 13 Márta 2012

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>