Bailleoidh ionadaithe ó ghaelscoileanna agus ó eagraíochtaí Gaeilge agus ó chultúir ó thuaidh agus ó dheas le chéile ar an ócáid seo le teáma na bliana seo a phlé – coláisteacht, comhroinnt dea-chleachtais agus comhoibriú earnála.
I measc na gcainteoirí a bheidh tabhairt ceardlanna éagsúla ag an gcomhdháil i mbliana, tabharfaidh an tAire Oideachais, John O’Dowd eochair-chaint.
Glacfaidh An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bunscoileanna páirt in imeachtaí an lae chomh maith.
Deir comhordaitheoir na hócáide, Tarlach Mac Giolla Bhríde gur “cúis áthais do Chomhairle na Gaelscolaíochta agus don earnáil ar fad go mbeidh Ardmhéara Bhéal Feirste, Niall Ó Donnghaile ag pilleadh ar an alma mater s’aige leis an Chomhdháil a oscailt dúinn i mbliana. Is iardhalta gaelscoile Bhunscoil Phobal Feirste agus Choláiste Feirste é an tUasal Ó Donnghaile agus is eiseamláir iontach é ar na buntáistí a bhaineann leis an Ghaelscolaíocht.”
Reáchtálfar an Chomhdháil Dé hAoine 16 Márta i gColáiste Feirste, Páirc Radharc na bhFeá, Bóthar na bhFál, Béal Feirste, idir 9.30 agus 4.00.
Lean an scéal seo agus @Gaelport at Twitter
© Foilsithe ar Gaelport.com - 13 Márta 2012
↧