Táthar ag súil go dtiocfaidh slua mór ag an gcruinniú agus go mbeidh an pobal chomh maith le fostaithe ó na heagais Ghaeilge i láthair ag an ócáid.Baineann an tSamhail seo le hathrú ón múnla bunmhaoinithereatha, áit a gcuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil ar bhonn bliantúil do 19 n-eagras. Cuirfear tús leis an gcruinniú i Halla an Fhorais i gCeannáras Fhoras na Gaeilge i gCearnóg Mhuifean ag 7 i.n. D’ fheastail 50 duine ag cruinniú eile faoin tSamhail a réachtáladh i nGaillimh Dé Luain 12 Márta. Pléadh an cruinniú ar 7 Lá ar TG4 aréir. Ar an gclár dúirt Donnchadh Ó hÉalaithe go raibh an cruinniú sin “sibhialta“ ach ní raibh sé “ró-chairdiúil”.Dúirt sé chomh maith gur cheap sé go raibh muinín cailte ag earnáil dheonach na Gaeilge i bhForas na Gaeilge agus go raibh bearna mór idir na heagrais Ghaeilge agus Foras na Gaeilge. Bhraith sé nach raibh aon mhaitheas ag baint leis an gcruinniú ar an ábhar nach raibhan dá dhream ag éisteacht lena chéile.Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta Chonradh na Gaeilge, go raibh an-díomá air mar gheall ar an gcur i láthair a ndearna Foras na Gaeilge ag an gcruinniú i nGaillimh.Duirt sé nár cheap sé go raibh sé macánta agus nach raibh cúlra an scéil áinsint ag an bhForas.“ Ba léir ní hamháin go raibh muinín caillte ag an bPobal sa bhForas ach go raibh muinín caillte ag pobal na Gaeilge ann”, a dúirt sé.Tá achainí fós ar bun ag na hEagrais Ghaeilge in aghaidh na Samhla mar atá molta ag Foras na Gaeilge. Tá 1520 duine tar éis tacú leis anachainí go dtí seo.©Foilsithe ar Gaelport.com 14 Márta 2012Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #samhail
↧