Tá an clár le craoladh mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge agus beidh an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Carál Ní Chuilín ag caint ann chomh maith le ArdMhéara Bhéal Feirste Niall Ó Donnghaile.Is é seo an chéad chraoladh ó Stormont don stáisiún pobail Gaeilge atá ar an bhfód ó bhí 2006 ann.Dúirt an tAire Carál Ní Chuilín gur lá stairiúil a bhí ann don Tionól agus do phobal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.Beidh an tionscnamh ‘Líofa 2015’ á phlé ag an Aire Cultúir ar an gclár raidió. Dúirt sí go raibh sí sásta go raibh 1,600 duine cláraithe go dtí seo agus go raibh buntáistí móra ag baint le foghlaim na Gaeilge anois.Craolfar an clár ón 10.30 rn go dtí 12.30 in ar Raidió Fáilte www.raidiofailte.com.©Foilsithe ar Gaelport.com 14 Márta 2012Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #liofa2015
↧