Dúirt an Breitheamh Iarlaith Ó Néill san Ardchúirt ar 14 Márta go raibh cead ag iarratasóirí cúis dlí a thionscnamh ar an ábhar nach raibh an tAcht ar fáil i nGaeilge. Foráiltear in Alt 7 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil dualgas ar an Oireachtas, Achtanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla a luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú.Ach tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin go gceadaítear achtanna a fhoilsiú i dtús báire in aon teanga amháin i bhformáid leictreonach.Tá an tAcht ar fáil i mBéarla go leictreonach ach sonraítear nach bhfuil leagan clóite ar fáil in aon cheann de na teangacha oifigiúlaAg labhairt faoin gceist dúirt Peadar Tóibín TD go raibh faillí déanta ag an Rialtas ar 500,000 cainteoir laethúil Gaeilge gan an tAcht a chur ar fáil dóibh.©Foilsithe ar Gaelport.com 20 Márta 2012Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:High Court allows challenge to household charge Ciúnas timpeall ar an nGaeilge sa saol poiblí Léargas ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter:#gaeilge #cearta
↧