Go hiondúil bíonn beirt fhilí, ceoltóir agus amhránaí traidisiúnta i ngach grúpa. Bíonn dhá chuid i gceist le gach Turas - Turas na bhFilí Albanacha ar Éirinn agus Turas na bhFilí Éireannacha ar Albain. I mbliana is iad na filí Rody Gorman agus Fearghas MacFhionnlaigh (thíos) agus na ceoltóirí Rona Lightfoot agus Linda NicLeòid a bheidh i láthair ar an turas.
Ar an Aoine, 13 Aibreán, beifear ag tabhairt cuairte ar Ghaeltacht na Rinne d’oíche mhór filíochta agus ceoil arna heagrú i Meánscoil San Nioclás i Rinn Ó gCuanach.
Beidh an file áitiúil Áine Uí Fhoghlú ag léamh filíochta i gcuideachta na bhfilí Albanacha agus beidh an píobaire Caoimhín Ó Fearghail, fear óg a bhain amach Gradam Ceoltóir Óg na Bliana TG4 2012 ina measc mar aon leis an amhránaí sean-nóis Ann Mulqueen. Tabharfar deis d’fhilí áitiúla píosa dá gcuid filíochta a léamh ag an seisiún maidhc oscailte seo.
Cuirfear clabhsúr bríomhar le Turas na bliana nuair a dhéanfaidh an Turas nascadh le Fhéile Phan Cheilteach na bliana seo a bheidh faoi lán seoil i gCeatharlach faoin am sin agus beidh oíche mhór filíochta/ceoil & amhráin Ghaeilge agus Gàidhlig in Óstán Seven Oaks i gCeatharlach ar 14 Aibreán.
Beidh na filí áitiúla Deirdre Brennan agus Siobhán Ní Shíthigh ag léamh filíochta ar an oíche i gcuideachta na bhfilí Albanacha mar aon le neart ceoil agus amhrán ó na hAlbanaigh agus beidh ceol agus amhráin leis an gCruitire/amhránaí áitiúil Pádraigín Caesar.
Is scéim cheilteach sheanbhunaithe thábhachtach í Turas na bhFilí de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus is é an clár malartaithe is faide bunaithe idir Éirinn agus Albain é. Tá meas mór ag muintir na Gaeilge agus na Gàidhlige ar an scéim, go háirithe ag filí, ceoltóirí, agus amhránaithe ón dá thraidisiún. I measc na bhfilí agus na gceoltóirí Éireannacha a chuaigh ar an turas go hAlbain, bhí Máirtín Ó Direáin, Caitlín Maude, Nuala Ní Dhomhnaill, Gabriel Rosenstock, Seán Ó Tuama agus Cathal Ó Searcaigh.
©Foilsithe ar Gaelport.com 20 Márta 2012.
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Barántas ar fhilíocht nuachumtha do Chomórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Úí Néill
Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Gaelic #Turas
↧