Agus é ag seoladh an dlúthdhiosca duirt an Seanadóir gurb "seoid” ann féin a bhí sa dhlúthdhiosca agus go raibh "ceol agus an cultúr go beo bríomhar in ár measc”. Is as Cor an Dola in oirthir na Gaillimhe do Noreen ó dhúchas ach tá cónaí uirthi i Leitir Ard i gCarna le blianta anuas agus ina cuideachta ar an ndlúthdhiosca seo tá a cuid deartháireacha, an fidléir clúiteach Frankie Gavin agus an boscadóir aitheanta Seán Gavin. Bhí tionchar an cheoil go láidir sa teaghlach agus í ag fás aníos. Bhíodh an teach tábhairne clúiteach J.J. Gavin’s Pub ag a muintir agus is minic a bhíodh laochra móra an ceoil agus amhránaithe den scoth ag teacht chuig an teachín ceann tí agus í níos óige. Tá clú agus cáil ar Noreen lena cuid ceoil ar an bhfeadóg stáin. Tá aithne mhór uirthi mar cheoltóir cumasach le blianta fada anuas agus is minic a bhíonn Noreen ag déanamh moltóireachta ar chomórtais timpeall na tíre.Anuas ar sin bíonn sí ag teagaisc an feadóg stáin ins na scoileanna áitiúla i gceantar Iorras Aithneach.An tseachtain seo, beidh deis iontach ag beirt cóip den dlúthdhiosca bríomhar nua 'The Quiet House' bhuachan. Ceist na seachtaine seo:Cá rugadh Noreen O’Sullivan ? • Cathair na Mart • An Cabhán • Cor an Dola • Carna Seol freagraí agus ainm do scoil chuig duais@comhdhail.ie roimh meán lae, 29 Márta 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist. Comhghairdeas le Seán Ó Muimhneacháin as Co. Chorcaí a bhuaigh duais an eagráin seo caite.©Foilsithe ar Gaelport.com 20 Márta 2012.
↧