Tá sé i gceist ag an Aire Stáit don Ghaeltacht, Dinny McGinley TD scéim nua a fhorbairt in áit scéim labhairt na Gaeilge.
Beidh soiléiriú á lorg na hionadaithe ar bheartas nua na Roinne sa chruinniú. Thug an tAire le fios le déanaí go mbeadh €500,000 ar fáil don scéim tacaíochta teaghlaigh.
Ceaptar nach mbeidh deontais á n-íoc go díreach le teaghlaigh mar a rinneadh sa tseanscéim agus go gcuirfear seirbhísí tacaíochta éagsúla ar fáil fud fad na tire d’fhonn tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge.
Beidh an clár tacaíochta dírithe ar dhaltaí réamhscoile agus ar leanaí óga chomh maith le páistí scoile.
Tá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go bhforbrófar scéim tacaíochta teaghlaigh. Beidh soiléiriú á lorg ag na heagrais ar an maoiniú a bheidh curtha ar leataobh don scéim amach anseo agus an infheistíocht atá beartaithe don scéim a fhreastalóidh ar pháistí na Poblachta amháin.
©Foilsithe ar Gaelport.com 20 Márta 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta eile a leanas:
Deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge fógartha
Clár Tacaíochta Teaghlaigh nua le fógairt ag McGinley
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #straitéis
↧