Dúirt Clare Spáinneach, Oifigeach Forbartha Gaelscoileanna Teo go mbeidh 15 scoil rannpháirteach sa chraobh i mbliana."Táimid ag súil le cur leis sin gach bliain. Molaim do na daltaí taitneamh a bhaint as an lá agus as an deis casadh le daltaí eile ó Gaelscoileanna éagsúla", a dúirt sí.Tá an comórtas seo, atá dírithe go hiomlán ar na healaíona cruthaitheacha, á reáchtáil ag Gaelscoileanna Teo ó 2006 ag é ag méadú gach bliain ó shin. Tá eagraithe an chomórtais tar éis an tír a thaisteal ar thóir na ndaltaí Gaelscoile is ildánaí agus is nuálaí.Tá ceithre rannóg i gceist sa chomórtas: Ceol Nua-aimseartha - Aonair/Grúpa, Damhsa Cruthaitheach - Aonair/Grúpa, Drámaíocht - Aonair/Grúpa, Ilchineálach - Aonair / Grúpa. Bíonn gach cineál ealaíon i gceist sa rannóg ‘ilchineálach’ idir scéalaíocht agus dhraíocht agus neart féidearthachtaí sna rannóga eile do dhaltaí sinsir agus sóisir iad féin a chur in iúl ar bhonn cruthaitheach.Beidh sraith de chláir á gcraoladh ar Raidió na Gaeltachta, iad léirithe ag Fiachna Ó Braonáin, maidir le haistear iomlán Scléip! ar chamchuairt ar fud na tíre.©Foilsithe ar Gaelport.com 20 Márta 2012.Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:40 scoil lán-Ghaeilge san áireamh i bplean tógála an RialtaisAchainí ar chás na nGaelscoileannaLean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #gaelscoileanna #scléip
↧