Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Córas na scéimeanna fós i bhfeidhm

$
0
0

Is é seo an chéad fhógra atá foilsithe ag comhlacht poiblí atá ag ullmhú scéime teanga ó cuireadh clabhsúr leis an gcomhairliúchán poiblí ar an Acht Teanga ag deireadh mhí Eanáir. Faoin Acht tugann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir do chomhlachtaí poiblí scéimeanna teanga a fhoilsiú. Ag Tóstal na Gaeilge 2012 dúirt Príomhoifigeach na Roinne, Séamus Mac Giolla Chomhaill  go raibh an Roinn ag súil “go gcuirfear athruithe i bhfeidhm ar chóras na scéimeanna, fiú sula mbeidh an t-athbhreithniú ar an Acht curtha i gcrích ina iomláine.” Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga Seán Ó Cuireáin go raibh na maidí ligthe le sruth agus go bhfuil teipthe tríd is tríd anois ar chóras daingnithe na scéimeanna teanga. Ag labhairt dó ag Tóstal na Gaeilge dúirt sé  go mbeadh sé  ionann agus “dodhéanta”  anois muinín a chothú athuair sa chóras sin. Sna scéimeanna teanga déantar cur síos ar ghealltanais an chomhlachta poiblí  i leith na seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal go dátheangach. ©Foilsithe ar Gaelport.com 20 Márta 2012 Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas Aighneachtaí á lorg- Údaráis Áitiúla Chill Mhantáin 2011: Deireadh ré na scéimeanna teanga?  Físeán: Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #cearta

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>