Baileoidh muintir na hArd-Fheise in Óstán an Auburn Lodge, Inis, ag an deireadh seachtaine agus is cinnte go mbeidh an trealamh spóirt sa charr acu ar fad don chomórtas a tharlóidh ar an Satharn, ag Ionad Spóirt Bhóthar na Laoi, Inis ag 2.00pm.Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur "Comórtas peile spleodrach" a bheidh ann mar chuid de dheireadh seachtaine na hArd-Fheise, le deis a thabhairt do chumainn an Ghaeilge a úsáid agus tuilleadh a mhealladh chuici chomh maith le gné bhreise a chur ar fáil don Ard-Fheis féin.Beidh comórtas na bhfear agus comórtas na mban ar siúl ar an lá, le céad fáilte roimh chlubanna agus imreoirí spórt eile. Mairfidh na cluichí 20 nóiméad, agus imreofar cluiche ceannais an chomórtais ag 5.00pm, áit a mbronnfar coirn agus dearbháin €500 ar na buaiteoirí sa dhá shraith. Ag caint ar an gcomórtas dúirt Eoghan Ó Murchadha, Oifigeach Caidrimh Phoiblí leis Na Gaeil Óga “táimid ag dréim go mór leis an gcomórtas anois, tá súil againn go spreagfaidh an comórtas seo tuilleadh cumann an Ghaeilge a úsáid agus súil againn go mbunófar tuilleadh cumann amhail Na Gaeil Óga timpeall na tíre. Ó tá duaiseanna breátha againn, táimid ag súil le foirne áitiúla agus cinn as gach cearn den tír!"Is cinnte go mbeidh an-chraic agus an-spórt go deo ar siúl in Inis ag an deireadh seachtaine.Tá costas €150 ar chlárú foirne, praghas a chlúdóidh an comórtas, dinnéir agus céilí san Óstán an Auburn Lodge ar oíche Shathairn. Tá tuilleadh eolais agus foirm chlárúcháin ar fáil ó 7antaobh@gmail.com.©Foilsithe ar Gaelport.com 20 Márta 2012.Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:Na Gaeil Óga CLG le seoladh go hoifigiúil Feachtas gnéasúil earcaíochta’ do chlub peile Gaeilge Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #féilepeile
↧