Is fidléir cumasach é Ciarán a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige leis an ngrúpa ceoil Fidil - ina theannta sa ghrúpa tá na fidléirí Aidan O Donnell agus Damien McGeehan as Dún na nGall.Is as Gaoth Dobhair i dTír Chonaill do Chiarán agus baineann sé leis an teaghlach is mó a bhfuil clú an cheoil orthu sa cheantar. Is é Francie Mooney a athair mór agus is í Mairéad Ní Mhaonaigh as Altan a aintín.Is minic a bhíonn siad ar stáitsí éagsúla ag féilte agus ag ócáidí cultúrtha anseo in Éirinn agus thar lear. Anuas air sin is minic a bhíonn Ciarán le cloisteáil ag seinm ag Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy agus ag Oireachtas na Samhna agus bhain sé amach Gradam Ceoltóir Óg na Bliana TG4 sa bhliain 2003.I dteannta Chiaráin beidh an ceoltóir cumasach as Co. na Mí Caitlín Nic Gabhann ar an gconsairtín. Tá clú agus cáil baint amach ag Caitlín lena cuid ceoil ar an gconsairtín agus anuas air sin is damhsóir den scoth í agus bíonn sí ag taisteal ar fud na cruinne le Riverdance.mar dhamhsóir lena cuid ceoil.Bígí faoi dhraíocht ag ceol den scoth as Tír Chonaill agus as Contae na Mí i gCaifé Bewley’s. Áirithint riachtanach (spás teoranta!): 087-2547574 Foilsithe ar Gaelport.com 20 Márta 2012.Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:Físeán: Ciarán Ó Maonaigh agus Caitlín Nic Gabhann ag casadhLean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #bewleys6
↧