Tá beartaithe go dtiocfaidh an clár isteach in áit scéim labhairt na Gaeilge agus go dtacóidh sé le tuismitheoirí atá ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge.
D'fhreastail os cionn tríocha duine ag an ócáid ina measc pleanálaithe teanga, grúpaí pobail Gaeltachta, ionadaí ón Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tuismitheoirí Gaeltachta, daoine ó na heagrais Ghaeilge agus múinteoirí ón nGaeltacht.
Plean Straitéiseach
Cuireadh in iúl don phobal go raibh an Roinn ag iarraidh clár tacaíochta a chur in áit na seanscéime a bhí ann leis na haidhmeanna an teanga a choinneáil beo i dteaghlaigh sna Gaeltachtaí agus an teanga a chur chun cinn lasmuigh den Ghaeltacht.
Dúradh freisin go gcabhródh an scéim nua le bunachar sonraí de na theaghlaigh ar mhaith leo a ngasúir a thógáil le Gaeilge a chruthú don Roinn.
Ar na gníomhartha atá beartaithe don chlár, tugadh le fios go raibh i gceist ag an Roinn pacáistí eolais a chur ar fáil do thuismitheoirí, suíomh Gréasáin a thógáil, scéim na gcuntóirí teanga a neartú, campaí agus coláistí Gaeilge a reáchtáil chomh maith le pleananna Gaeilge do scoileanna a fhorbairt.
Struchtúir
Tá beartaithe go mbeidh coiste stiúrtha le hionadaithe ó réimsí difirúla lena n-áirítear naíonraí agus ionadaithe ó sheirbhísí sláinte ag cur na scéime nua i bhfeidhm.
Ach chuir roinnt daoine ceisteanna ar an ról a bheadh ag naíonraí; scoileanna; cúntóirí teanga agus ionaid tacaíochta teaghlaigh sa chlár nua agus na structúir a thabharfadh na grúpaí seo le chéile leis an sprioc a bhaint amach ar bhealach a bheadh éifeachtach.
Léirigh an lucht éisteachta áfach díomá nach mbeadh buntáistí an chláir tacaíochta soiléir do thuismitheoirí.
Sealbhú na Gaeilge
Chomh maith leis sin chuir an pobal éisteachta an-bhéim ar an tábhacht a bhaineann le tusicint a fháil ar shealbhú na Gaeilge sna Gaeltachtaí agus na difríochtaí atá ann idir páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht agus scoláirí atá ag foghlaim na Gaeilge.
Luadh ag an gcruinniú go mbeadh thart ar €750,000 curtha ar fáil don chlár ach tá ceisteanna fós ann maidir leis na struchtúir agus infheistíocht sa phobal a bheadh á lorg don chlár
Cuirfear moltaí na Roinne os comhair an Aire Stáit Dinny McGinley amárach, 23 Márta agus táthar ag súil go mbeadh tús curtha le gnéithe den chlár tacaíochta teaghlaigh roimh dheireadh na bliana 2012.
©Foilsithe ar Gaelport.com 22 Márta 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
Cruth úr ar Scéim Labhairt na Gaeilge
Deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge fógartha
As na Nuachtáin: Clár Tacaíochta Teaghlaigh nua le fógairt ag McGinley
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #gaeltacht #straitéis
↧