Bíonn deis ag mic léinn de chuid réimsí éagsúla léinn maireachtáil agus obair le chéile as Gaeilge. Cuireann siad faobhar ar a gcuid buanna faoi leith trí mheascán mór imeachtaí cultúrtha agus sóisialta. TairiscíonnBord na Gaeilge 24 scoláireacht do mhic léinn atá líofa sa Ghaeilge agus a dteastaíonn uathu í a chur ar a aghaidh le tograí nua. Is dlite do mhac léinn le Gaeilge líofa atá ag gabháil d’aon chúrsa de chuid UCD cur isteach ar an scéim. Mairfidh an t-iarrthóir rathúil in ‘Teach na Gaeilge’, Árais Chónaithe Merville, achar nóiméad ó amharclanna, leabharlanna agus áiseanna spóirt agus ríomhaireachta na hOllscoile. Roghnaítear an t-iarrthóir rathúil ar bhonn a fhoirm iarratais agus a agallaimh. Beidh foirmeacha iarratais ar fáil ó www.ucd.ie/bnag ar an 1 Márta 2012. Reáchtálfar na hagallaimh do mhic léinn an CAO i mí an Mheithimh 2012. Beidh ról lárnach ag an iarrthóir rathúil in imeachtaí na mac léinn agus aischúiteofar céatadán den chostais chónaithe leis an mac léinn ar chomhlíonadh riachtanais na scéime dó, go sásúil. Maireann an scoláireacht bliain acadúil amháin. Tá cead ag mic léinn cur isteach ar an scoláireacht arís ina dhiaidh sin. Tuilleadh eolais:Teach na Gaeilge Bhord na Gaeilge UCD 2012/2013 Tuilleadh eolais ó: Clár Ní Bhuachalla, Oifigeach Gaeilge, Bord na Gaeilge, Foirgneamh na Leabharlainne, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Belfield, Baile Átha Cliath 4Teil: 01-716-7387 | Ríomhphost: oifigeach.gaeilge@ucd.ie | Suíomh gréasáin: www.ucd.ie/bnagFoilsithe ar Gaelport.com 22 Márta 2012
↧