Táimid ag éileamh ar an Rialtas an t-athrú seo a dhéanamh láithreach in ionad fad a chur leis an bpróiseas agus níos mó damáiste a dhéanamh d’éifeachtacht na hOifige.
Aithnítear go forleathan an Coimisinéir Teanga mar choimisinéir thar a bheith éifeachtach agus dinimiciúil atá molta ní hamháin dá chuid oibre le cearta saoránaigh a chosaint ach chomh maith mar dhuine réamhghníomhach i gcur chun cinn an dea-chleachtais teanga. Mar shampla, le déanaí d’fhorbair a oifig modúl ar chearta teanga go ginearálta le húsáid san idirbhliain in ár scoileanna dara leibhéal.
Tá a fhios againn anois, mar a d’admhaigh Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil ar an 24 Samhain, go bhfuil an baol ann go gcosnóidh an cinneadh seo airgead ar an Stát. Níor tógadh san áireamh freisin nuair a rinneadh an cinneadh go bhfuil conradh ag an gCoimisinéir Teanga le bheith mar choimisinéir neamhspleách go dtí 2016. Ní féidir, mar sin, cinneadh an Rialtais a chur i bhfeidhm i 2012 gan baol ann go mbeidh an Stát oscailte do chásanna dlí amach anseo agus d’fheadfadh breis costas a bheith ar an stát dá bharr. Fiú amháin níor aithin an Bord Snip Nua aon éifeachtúlacht le déanamh nuair a rinneadh measúnú ar Oifig an Choimisinéara Teanga agus níor mhol an tuairisc aon athrú i stádas na hoifige mar oifig neamhspleách.
Tá gach páirtí polaitiúil agus na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta tar éis tacaíocht a léiriú don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030. Aithnímid go mbeidh fadhbanna le maoiniú sa ghearrthéarma ach céard is fiú an bonn agus an dea-thoil a bhaint den straitéis leis an gcinneadh seo atá aitheanta nach ndéanfaidh aon choigilt don státchiste.
Creidimid gur chóir don Rialtas na hargóintí geilleagrach chomh maith le mianta agus tuairim láidir phobal na Gaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, a thógáil san áireamh agus gur chóir tacaíocht a chur ar fail d’Oifig an Choimisinéara Teanga Tá muinín an phobail ag an oifig agus tá seirbhís an-éifeachtach curtha ar fáil ó bunaíodh é i 2004. Is é, mar sin, an rud loighciúil agus ceart le déanamh ná an cinneadh a athrú láithreach.
Is muidne le meas,
Aodán Mac an Mhílidh, Gaeilge Átha Luain
Aoileann Nic Dhonnacha, Baile Átha an Róine, Co. Laoise
Bláthnaid Ní Ghréacháin, Gaelscoileanna Teo.
Breandán Mac Gearailt, Ball d’Údarás na Gaeltachta
Cabríní de Barra, Comhlucht Forbartha na nDéise
Caitlín Neachtain, Bainisteoir, Comharchumann Dhúiche Sheoigheach
Caoimhín Ó hEaghra, An Foras Pátrúnachta
Carmel Nic Eochaidh, Spleodar
Colm Mac Séalaigh, Baile an Teampaill, Baile Átha Cliath
Conchubhair Mac Lochlainn, Seachtain na Gaeilge
Cumann Cearta Sibhialta Ghaeltacht Chorca Dhuibhne
Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge (Earnáil Phoiblí), Roibeard Ó hEartáin & Páid Ó Neachtain
Donncha Ó hÉallaithe, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge
Éamonn Mac Niallais, Guth na Gaeltachta
Eithne O’Doherty, Craobh na gCeithre Chúirteanna
Eoin Ó Riain, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
Feargal Ó Cuilinn, Comhluadar.
Gary Redmond, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn
Gearóid Ó Murchú, An Spailpín Fánach
Julian de Spáinn, Aontas Phobal na Gaeilge
Liam Ó Maolaodha, Oireachtas na Gaeilge
Lorcán Mac Gabhann, Glór na nGael.
Maedhbh Ní Dhónaill, Ógras
Máirtín Ó Maolmhuaidh, Gaelphobal Cheantar an tSratha Báin
Mícheál de Mórdha, Uachtarán an Oireachtais 2010
Niall Comer, Uachtarán, Comhaltas Uladh
Pádraig Mac Fhearghusa, Fóram Gaeilge Chiarraí
Peadar de Blúit, Aontas na Mac Léinn in Éirinn
Robbie Cronin, an chéad ionadaí don Ghaeilge thar cheann an ASTI
Ruth Ní Shiadhail, Gaeilge Locha Riach
Seán Ó Murchadha, Craobh Mhuineacháin
↧