Chuige sin, beidh plean teanga á chur i dtoll a chéile lá ar bith feasta anois ag an gCoiste seo chun an Ghaeilge a athbheochan agus a neartú tuilleadh i gContae an Chláir.
Faoin Straitéis le Gaeltacht reachtúil a bhunú i gContae an Chláir 2008 – 2016 a bheidh an chéad phlean teanga seo á ullmhú.
I gcomhthéacs na pleanála teanga, tugtar cuireadh do mhuintir an Chláir agus don phobal i gcoitinne ar fud an náisiúin seo aighneacht leictreonach nó aighneacht i scríbhinn a chur chuig an té seo a leanas mar aon le do chuid sonraí teagmhála ar fad tráth nach déanaí ná 1 Bealtaine 2012:-
Seósamh Mac Ionnrachtaigh
Rúnaí
An Coiste Stiúrtha: Coiste Forbartha na Gaeltachta do Chontae an Chláir
11 Croí na mBaile
Bóthar an Ghleanna Mhóir
Cill Mhíchíl
Contae an Chláir
Fón: 087 137 9018
R-phost: joseph.r.enright@gmail.com
Foilsithe ar Gaelport.com 04 Eanáir 2012
↧