Táthar ag súil chomh maith go dtiocfaidh feabhas ar chaighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge dá bharr.
Leagann an clár tacaíochta moltaí amach chun éifeacht na gcomhlachtaí poiblí a fhorbairt, dúbláil oibre a sheachaint agus seirbhísí ar líne a bheith níos éasca a úsáid chomh maith le hairgead a shábháil.
Táthar ag súil go mbeidh daoine ábalta a bpas a athnuachan ar líne chomh maith le hiarratais ar shochar leasa shóisialaigh agus foirmeacha eile a líonadh ar líne lena n-áirítear iarratais phleanála agus aighneachta chomh maith le cuid den phróiseas iarratais do cheadúnas tiomána.
Tá sé i gceist go mbeidh seirbhísí poiblí ar fáil níos mó trí na meáin úra shóisialta agus ar ghutháin chliste. Moltar chomh maith seirbhísí do bhunachar sonraí digiteach a fhorbairt mar atá in úsáid ag stadanna bus timpeall na hArdchathrach.
Chuir Kevin De Barra, Stiúrthóir Gníomhach ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh bheartas an Rialtais.
Ag labhairt dó faoin straitéis dúirt sé go raibh an Chomhdháil ag moladh le tamall anuas “barainneachtaí an mhórscála a úsáid níos fearr chun acmhainní agus áiseanna a ullmhú agus luach níos fearr ar airgead a sholáthar trí sheirbhísí dátheangacha ar líne agus as líne a sholáthar don phobal oiread agus is féidir”.
Dúirt sé gur deis “ iontach” é seo do chomhlachtaí poiblí tairiscint ghníomhach trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil don phobal trí na seirbhísí ar líne agus “beifear ag súil go mbeidh na seirbhísí le fáil go huathoibríoch sa dá theanga oifigiúla”.
Níl dáta socraithe go fóill chun na seirbhísí ar líne a chur i bhfeidhm. Tá iarrtha ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar na Ranna Rialtais eile pleananna tionscnaimh do sheirbhísí ar líne a fhorbairt roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 17 Aibreán 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:
As na Nuachtáin: Sinn Féin appoint Ní Riada
As na Nuachtáin: Fine Gael politician who cut his teeth in local politics on Kerry County Council
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge