Eagraíonn Gaillimh le Gaeilge Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht Cumann Tráchtála na Gaillimhe chun ‘aitheantas’, ‘onóir’ agus ‘ceiliúradh’ a dhéanamh ar an obair dhátheangach go léir a dhéantar i nGaillimh chun stádas dátheangach a bhaint amach di.
Bronnfar pacáiste gnó gur fiú €2,000 é ar bhuaiteoirí na gcatagóirí mar aon le macasamhail de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh urraithe ag Údarás na Gaeltachta.
Gheobhaidh buaiteoir iomlán an Ghradaim Pacáiste Fógraíochta de luach €5,000 ón Galway Advertiser mar aon le feachtas poiblíochta náisiúnta atá deartha go speisialta dóibh chomh maith le Ceardlann Comhairliúcháin agus Caidreamh Poiblí agus Margaíochta luach €4,000 ó D’Arcy Marketing & PR.
I mbliana, tá aon chomhlacht déag ar an nGearrliosta. Seo a leanas na comhlachtaí agus eagraíochtaí a bhain amach an Gearrliosta.
Sa chatagóir ‘Miondíol’, urraithe ag Galway Bay FM ar an ngearrliosta tá: Candleworks, Ollmhargadh na Seoige agus McCambridge’s.Sa chatagóir ‘Turasóireacht & Fáilteachas’, urraithe ag Fáilte Ireland ar an ngearrliosta tá: Cupán Tae, Fáilte Tours agus Vina Mara.
Sa chatagóir ‘Seirbhísí’, urraithe ag Snap Galway, ar an ngearrliosta tá Colette Kelly Optometrist, EmployAbility Service Galway agus Kemple Gormley Solicitors/ Sa chatagóir ‘Comhlachtaí Eile’, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, ar an ngearrliosta tá: Ionad na Faiche Móire agus Ionad Acmhainní Mhuintir na Gaillimhe.
Is fiú breis agus €19,000 luach iomlán na nduaiseanna agus buntáistí óna gnólachtaí áitiúla atá ag déanamh urraíochta ar an nGradam i mbliana.
© Foilsithe ar Gaelport.com 17 Aibreán 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
As na nuachtáin: Tuam and Ballinasloe parents to be consulted on school patronage
Féile Chomórtha Joe Éinniú 2012Folúntas: Post mar léachtóir Béaloidis
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaillimh