Tá meascán iontach do phoirt, cornphíopaí, ríleanna agus fonn mall deas ar an dlúthdhiosca gleoite seo.
Is as Cor an Dola in oirthir na Gaillimhe do Noreen ó dhúchas ach tá cónaí uirthi i Leitir Ard i gCarna le blianta anuas agus ina cuideachta ar an dlúthdhiosca iontach seo tá a cuid deartháireacha an fidléir clúiteach Frankie Gavin agus an boscadóir aitheanta Seán Gavin.
Bhí tionchar an cheoil go láidir sa teaghlach agus í ag fás aníos. Bhíodh an teach tábhairne clúiteach J.J. Gavin’s Pub ag a muintir agus is minic a bhíodh laochra móra an cheoil agus amhránaithe den scoth ag teacht chuig an teachín ceann tí agus í níos óige.
Tá clú agus cáil ar Noreen toisc a ceoil ar an bhfeadóg stáin. Tá aithne mhaith uirthi mar cheoltóir cumasach le blianta fada anuas agus is minic a bhíonn Noreen ag moltóireacht chomórtais Éigse agus ag Fleadh Cheoil timpeall na tíre.
An tseachtain seo, beidh deis iontach ag beirt cóip den dlúthdhiosca bríomhar nua leis an gceoltóir Noreen O’Sullivan a bhuachan.
Ceist na seachtaine seo:
Cá bhfuil cónaí ar Noreen O’Sullivan ?
• Corca Dhuibhe
• An Rinn
• Cor an Dola
• Carna
Seol freagraí agus ainm do scoile chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas:
duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 26 Aibreán 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Comhghairdeas le Caroline Ni Mhuireadhaigh as Doire a bhuaigh duais an eagráin seo caite.
©Foilsithe ar Gaelport.com - 17 Aibreán 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:
Ceolchoirm RnaG i nDoire
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge