Ina measc beidh Dónal McCague , Darren Breslin, Fearghal Mac Uiginn, Ciarán agus Róisín Carlin, Marcas Ó Murchú agus na fidléirí Brian Sutherland agus Philip Crickare.
Tá an cheolchoirm á reáchtáil mar chuid de chlár na n-imeachtaí atá beartaithe ag an stáisiún don chomóradh 40 bliain.
Chomh maith leis sin beidh Dick Mag Gabhann agus Padaí Ó Mianáin le cloisteáil agus beidh Cór Gaeilge Dhoire, Ciarán Ó Ceallaigh Muiris Ó Brolcháin agus Ryan O’Donnell ag casadh sa Chultúrlann an oíche sin. Is í Ceannaire Raidió na Gaeltachta Edel Ní Chuireáin a bheidh ina bean an tí don ócáid.
Beidh sé ar siúl mar chuid d’Fhéile na Méan Ceilteach a bheidh ar siúl sa chathair an tseachtain seo. Cuirfear tús leis an bhféile amárach, 18 Aibreán agus leanfaidh sé go dtí Dé hAoine.
©Foilsithe ar Gaelport.com 17 Aibreán 2012
Léiriúcháin Ghaeilge san iomaíocht ag Féile na Meán Ceilteach
Tá an cheolchoirm á reáchtáil mar chuid de chlár na n-imeachtaí atá beartaithe ag an stáisiún don chomóradh 40 bliain.
Chomh maith leis sin beidh Dick Mag Gabhann agus Padaí Ó Mianáin le cloisteáil agus beidh Cór Gaeilge Dhoire, Ciarán Ó Ceallaigh Muiris Ó Brolcháin agus Ryan O’Donnell ag casadh sa Chultúrlann an oíche sin. Is í Ceannaire Raidió na Gaeltachta Edel Ní Chuireáin a bheidh ina bean an tí don ócáid.
Beidh sé ar siúl mar chuid d’Fhéile na Méan Ceilteach a bheidh ar siúl sa chathair an tseachtain seo. Cuirfear tús leis an bhféile amárach, 18 Aibreán agus leanfaidh sé go dtí Dé hAoine.
Ar na himeachtaí eile a bheidh ar siúl le linn na féile beidh siúlóid mórthimpeall bhallaí na cathrach a thábhairt trí mheán na Gaeilge maidin Dé Céadaoin. Pléifear na féidearthachtaí atá ann do chomhlachtaí léiriúcháin comhoibriú níos fearr a dhéanamh lena chéile ag ócáid maidin Déardaoin in amharclann an Playhouse agus bronnfar gradaim ar na léiriúcháin raidió agus teilifíse is fearr ó na tíortha Ceilteacha gach lá le linn na féile.
Craolfar an cheolchoirm cheiliúrtha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar 27 Aibreán ag 7.00 pm.©Foilsithe ar Gaelport.com 17 Aibreán 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin: Raidió Réaltanna, Raidió na Gaeltachta celebrates 40 years
RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfódLéiriúcháin Ghaeilge san iomaíocht ag Féile na Meán Ceilteach
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #RnaG40 #celticmediafest