Thosaigh sé ag obair le hÚdarás na Gaeltachta i 1980 agus tá taithí leathan aige ag plé le gníomhaíochtaí agus tograí éagsúla sna réimsí forbartha gnó, turasóireachta cultúrtha, forbartha pobail, teanga agus cultúr ar fud na gceantair Ghaeltachta.
Chuir Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD fáilte roimh an cheapachán. “Is ceapachán thar a bheith tábhachtach é seo don Ghaeltacht,” a dúirt sé, “mar gheall ar an ról lárnach atá tugtha ag an Rialtas d’Údarás na Gaeltachta i ndáil le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 sa Ghaeltacht".
Bunaíodh Údarás na Gaeltachta sa bhliain 1980. Tá an ghníomhaireacht Stáit seo freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta.
© Foilsithe ar Gaelport.com 20 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Noel Hill ag Ceolchoirm Áras Éanna
As Na Nuachtáin: Gradam Sheachtain na Gaeilge do bhunaitheoir Rith
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com #gaeilge #údarás