Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Casadh éagsúil ar scéal an Titanic

$
0
0

Cuirfidh Máirín Hurndall an clár i láthair, bean a bhfuil dlúthbhaint aici leis an longchlós, ó tharla gur oibrigh a hathair agus a seanathair ann.

Le linn an chláir, ‘Titanic – Guthanna ó na Gantraí’ clúdófar scéalta agus téamaí ar leith a bhaineann le Longchlós Bhéal Feirste: tús an longchlóis; na coinníollacha righin agus dainséaracha;  an craic, an caidreamh agus an cruthaitheacht; Ceardchumannachas agus Seicteachas: an tionchar a bhí ag an longchlós ar an bpobal Caitliceach agus ar chultúr na nduganna.

Tabharfaidh an clár faisnéise seo léiriú ar an gceangal idir tionsclaíocht Bhéal Feirste agus imeachtaí stairiúla eile a tharla an tráth céanna.

Mar chuid den chlár beidh idir agallaimh i nGaeilge agus agallaimh i mBéarla ann  le haoi-chainteoirí éagsúla, ina measc an Dochtúir Éamonn Phoenix ó Choláiste an tSrútháin Mhilís, Béal Feirste agus an tOllamh Liam Kennedy, Léachtóir le hEacnamaíocht in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste; iar-oibrithe sa longchlós ar nós an Rigeálaí George McAllister agus beirt Iar-Oifigeach Réigiúnach de chuid Cheardchumann an Ginearálta, Bardasach agus Deantóirí Cóirí..

Beidh ‘Titanic – Guthanna ó na Gantraí’ le cloisteáil ar Raidió Fáilte ar 30 Aibreán ag 4i.n. agus tá sé mar chuid den tsraith stairiúil dar teideal ‘Samhlaigh Sin’.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 23 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Comhaltaí nua ceaptha ar Bhord TG4

Comórtas scríbhneoireachta Chló Iar-Chonnacht

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>