D’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin Tuarascáil 2011 inniu agus léiríodh ann torthaí an imscrúdaithe a thug le fios gur sháraigh na Gardaí fo-alt 32(2) d’Acht an Gharda Síochána 2005 sa chás seo.
Sonraítear san fho-alt seo gur cheart Gaeilge líofa a bheith ag Gardaí a bhfuil lonnaithe i limistéir Ghaeltachta.
Léiríodh chomh maith gur sháraigh Údarás an Gharda Síochána gealltanas reachtúil óna scéim teanga féin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, is é sin go mbeadh na cáilíochtaí riachtanacha sa Ghaeilge ag gach comhalta a chuirfí ar dualgas i stáisiún i gceantair Ghaeltachta.
Ba é seo an t-ochtú Tuarascáil Bhliantúil de chuid na hOifige ó bunaíodh í sa bhliain 2004.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur léirigh an tuarascáil go bhfuil géarghá go bhfágfaí Oifig an Choimisinéara Teanga ina hoifig reachtúil neamhspleách chun cearta teanga phobal na Gaeilge a chosaint.
Gearáin agus imscrúduithe
Le linn 2011, dhéileáil Oifig an Choimisinéara Teanga le 734 gearán nua i dtaca le deacrachtaí seirbhísí stáit á fháil trí Ghaeilge; b’ionann sin agus méadú 5% ar líon na gcásanna ón bhliain roimhe sin
Bhain an chuid is mó de na gearáin sin le cur i bhfeidhm scéimeanna teanga na gcomhlachtaí poiblí nó le heaspa Gaeilge ar chomharthaíocht.
Ba iad na daoine a raibh cónaí orthu lasmuigh den Ghaeltacht a rinne formhór na ngearán le 50% acu ag teacht ón ardchathair. Bhain beagnach 40% de na gearáin le heasnaimh sna seirbhísí a bhí á gcur ar fáil trí Ghaeilge ó na hÚdaráis Áitiúla.
Is oifig neamhspleách í Oifig an Choimisinéara Teanga a bhfuil de chúram uirthi monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil gach foráil d’Acht na dTeangacha Oifigiúla á gcomhlíonadh ag eagraíochtaí Stáit.
Sheol an Coimisinéir Teanga 15 imscrúdú nua le linn 2011 a bhain le comhlachtaí poiblí ina measc: An Garda Síochána, An Roinn Coimirce Sóisialaí, Oifig na nOibreacha Poiblí, Comhairle Contae na Mí, Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Contae Laoise.
Scéimeanna Teanga
Léigh An Coimisinéir Teanga imní faoin mhoill a bhain le daingniú sceimeanna teanga le comhlachtaí poiblí faoin Acht. “Ní féidir teacht ar aon chonclúid eile ach go bhfuil cliste anois ar an ngné thábhachtach seo den reachtaíocht teanga,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.
Bhí 66 scéim teanga as 105 scéim teanga a daingneoidh go dtí seo imithe in éag faoi dheireadh 2011. Bhí 20% de na scéimeanna sin in éag le tréimhse ama trí bliana ar a laghad agus 20% eile in éag le breis agus dhá bhliain.
I measc na gcomhlachtaí sin bhí, Oifig an Uachtaráin, An Chomhairle Ealaíon, Oifig an Ombudsman agus An Roinn Oideachais agus Scileanna.
Sa bhreis air sin ní raibh aon scéim teanga daingnithe i gcás na Roinne Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta a bunaíodh i Mí an Mheithimh 2011.
Tuairiscíodh nach raibh formhór na gcomhlachtaí poiblí ag cur na gealltanais ar fad a leagadh amach ina scéimeanna teanga i bhfeidhm go hiomlán laistigh de shaolré na scéime.
Chomh maith leis sin, rinneadh iniúchadh ar scéimeanna teanga atá i bhfeidhm le breis agus sé bliana a léiríonn nach bhfuil cuid de ghealltanas na gcomhlachtaí poiblí sin fós ábhartha san am reatha de réir athruithe a tháinig ar chúrsaí sa tír agus go hidirnáisiúnta ó shin i leith.
Ag labhairt dó faoin Tuarascáil inniu dúirt an Seanadaóir Trevor Ó Clochartaigh go ndéanfaidh sé iarratas chuig Comhchoiste Dála go dtabharfar an Coimisinéar Teanga agus na heagrais Stáit failíocha isteach chun fiosrú iomlán a dhéanamh faoi seo agus ceisteanna eile a bhaineann le dualgais an Stát faoin Acht.
Tá cóip den Tuarascáil Bhliantiúil le fáil anseo.
©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Aibreán 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin: Díchoimisiniú an choimisinéara ag cur oilc ar shaineolaithe
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #coimisinéir #gardaí