Is iad na hOllaimh Alan Titley agus Nicholas Williams a d’aistrigh an mórshaothar fantaisíochta go Gaeilge.
Fuair aistriúcháin Gaeilge de chuid Williams ar Alice’s Adventures in Wonderland agus Through the Looking-Glass (Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas agus Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi) le Lewis Carroll ardmholadh ó lucht léitheoireachta na Gaeilge agus ón bpobal i gcoitinne.
Tá sainaithne ag pobal na Gaeilge ar Alan Titley mar shár-scríbhneoir cruthaitheach agus acadúil, mar fhile, mar aistritheoir agus mar láithreoir mar a chonacthas le déanaí sa tsraith teilifíse ‘Scéal na Gaeilge’.
Seolfaidh an staraí sóisialta scríbhneoir agus craoltóir RTÉ Cathal Póirtéir an t-úrscéal nua An Hobad go hoifigiúil, ar 30 Aibreán ag 7.00 sa Siopa Leabhar, Conradh na Gaeilge. Beidh aistritheoirí iomráiteacha an tsaothair, Williams agus Titley i láthair ag an seoladh le cóipeanna den úrscéal Gaeilge a shíniú.
Is léir go bhfuil éileamh mór ar an úrscéal cheana féin de thoradh na réamhordaithe ar fad atá tagtha isteach go dtí an Siopa Leabhar mar sin ní mór cóip a chur in áirithint trí ríomhphost a chur ag siopa@cnag.ie nó glaoch a chur ag 01 4783814.
Ní hamháin go mbeidh An Hobad á sheoladh ar ócáid seo, ach cuirfear tús oifigiúil le suíomh úr de chuid an tSiopa Leabhair chomh maith – www.cnag.ie/siopa.
Áis iontach í seo ina mbeidh earraí ón Siopa Leabhar ar fáil le hordú ar-líne idir réimse leathan leabhar, chluichí boird, mhíreanna mearaí, dhlúthdhioscaí, bhréagáin, bhéiríní BábógBaby, DVDanna, agus eile a shásódh riachtanais Ghaeilgeoirí de gach cumas agus gach aoisghrúpa.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 24 Aibreán 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:
Comórtas scríbhneoireachta Chló Iar-Chonnacht
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #AnHobad